Géarshiondróm trom riospráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionfhabhtú víreasach an-tógálach (SARS i mBéarla), a taifeadadh den chéad uair sa tSín sa bhliain 2002 agus a scaip go tapa ar fud an Domhain trí aerthaisteal. Fuair níos mó ná 800 duine bás leis agus ionfhabhtaíodh os cionn 8,000 duine ar fud an Domhain. Na siomtóim an-chosúil le siomtóim an fhliú: fiabhras ard, tinneas cinn, casacht thirim, giorra anála, agus b'fhéidir niúmóine. 2-7 lá an t-eatramh goir. Chinntigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur cineál nua corónaivíris is ea é, ceann de na cineálacha a chuireann tús leis an slaghdán coitianta. D'eisigh siad rabhadh domhanda do dhaoine maisc aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí, aerthaisteal a laghdú, paisinéirí eitleán a iniúchadh féachaint an bhfuil ardú teochta acu, agus daoine ionfhabhtaithe a aonrú. Faoi dheireadh 2005 bhí an víreas faoi choinneáil den chuid is mó, agus meastar anois go bhfuil sé díothaithe. Mar sin féin, tá obair ar siúl chun vacsaín shlán éifeachtach a shaothrú.