Aló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Tacsanomaíochta

Stórálann Plandaí Súmhara, ar nós an Fóifíneach seo, uisce ina ramhardhuilleoga móra, ina ngais, nó ina bhfréamhacha, mar a thaispeántar sa scoilt seo de ramhardhuilleog fóifíneach. Ligeann sé seo dóibh marachtáil in aeráidí tur.
Aloe Vossii

Glaotar FóifíneachAló (Aloe as Laidin) ar ghéineas phlandaí, ina bhfuil timpeall 500 speiceas phlandaí blátha súmhara. Is é an tAló Íceach (Aloe Vera as Laidin- a chialaíonn "an Fíor-Fhóifíneach") an speiceas is cáiliúla. Géineas dúchasach don Afraic atá ann, agus is minic a faightear é i gCúige Rinne na hAfraice Theas, i sléibhte na hAfraice Tropacaigh, agus i gceantair gaolmhara ar nós Madagascar, Leithinis na hAraibe, nó ar oileáin na hAfraice.

Úsáidí

Is minic a shaothraítear an Fóifíneach mar phlanda maisiúcháin do gharraithe agus potaí araon. Úsáidtear an tAló Íceach ar dhaoine go hinmheánach agus go seachtrach, mar síltear go bhfuil araíonna leighis aici. Is féidir uachtar bhog a dhéanamh den ghlóthac ina duilleoga a chneasaíonn dónna ar nós griandó. Freisin is féidir cineálacha gallúnaigh speisialta a dhéanamh astu.

Speicis

Tá timpeall 400 speiceas den ghéineas Aló ann. Samplaí ná:

  • Aloe Africana - Fóifín Afracach
  • Aloe Albida - Fóifín Bánúil
  • Aloe Albiflora - Fóifín Bánbhláthach
  • Aloe Arborescens - Fóifín Crannúlachta - Úsáidte i gCúram Sláinte
  • Aloe Arenicola
  • Aloe Argenticauda - Fóifín Earrairgead
  • Aloe Aristata - Aló Guaireach
  • Aloe Compresa – Aló Leata
  • Aloe Ferox – Aló Searbh
  • Aloe Helenae – Aló Héiline
  • Aloe Laeta – Aló Geal
  • Aloe Namibensis – Fóifín na Naimibe
  • Aloe Rauhii – Aló Rauh
  • Aloe Variegata – Aló Tíograch
  • Aloe Vera – Aló Íceach – Úsáidte i gCúram Sláinte
  • Aloe Versicolor – Aló Ildaitheach

Mionfhiric

Crann Fóifíneach ar Stampa an Bhatúim ó 1919.

Bhí Fóifínigh le fail ar stampaí 1919 sa Bhatúim, leath-féinrialtach den Ghrúis i réigiún deisceartach na Cugais.

Íomhánna