Fulacht fiadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fulacht fiadh, Páirc Náisiúnta Oidhreacht na hÉireann, Loch Garman

Is áit cócaireachta ársa in Éirinn é fulacht fiadhfulacht fian (Béarla: cooking pit). Tugtar "beárbaiciú" ar fhulacht fia inniu.

Is iad na fulachtaí fia na séadchomharthaí is líonmhaire ón gCré-umhaois.[1] Is iarsmaí na láithreacha cócaireachta iad.

Drombeg[2]

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun cócaireacht a dhéanamh san fhulacht fia, théigh na daoine clocha i dtine. Chuir siad iad isteach i bpoll uisce ansin. Nuair a thosaigh an t-uisce ag fiuchadh, thosaigh siad ar an gcócaireacht.

Chlúdaigh siad spóla feola (nó bia oiriúnach eile) i dtuí agus chuir siad isteach san uisce a bhí ar fiuchadh é. Chuir siad roinnt luibheanna isteach freisin. Tar éis é a chócaireacht (45 nóiméad in aghaidh an chileagraim, agus 20 nóiméad sa bhreis), bhí an fheoil réidh le hithe.

Nuair a bhí an próiseas críochnaithe acu, caitheadh iarsmaí na tine agus na clocha scoilte ar leataobh. Rinneadh é seo arís agus arís eile, agus de réir a chéile, mhéadaigh an carn smionagair ar thaobh an phoill. Inniu feictear carn íseal ar an láthair.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an focal ‘fulacht’ ón tSean Ghaeilge agus b’fhéidir go bhfuil baint ag ‘fia’ leis an ainmhí nó leis na ‘Fianna’. Úsáideann seandálaithe na focail ‘carn dóite’ ar na séadchomharthaí seo freisin.

Seans go raibh feidhm níocháin ag an láthair nó gur fheidhmigh siad mar shabhna (ar nós na dtithe allais atá i bhfad níos déanaí ná iad).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. mar sh., AN TÁIN  : Darach Ó Scolaí (Lúnasa 2023). "Salamandar mór de leabhar…" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2024-01-26.
  2. "Drombeg stone circle" (as en) (2023-11-23). Wikipedia.