Fuinneamh teirmeach na farraige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Má bhíonn difríocht teochta idir doimhneachtaí éagsúla san aigéan, is féidir córas cosúil le timthriall cuisnithe á rith ina mhalairt treo a úsáid chun cumhacht leictreach a ghiniúint. Tá taighde ar siúl ar fud an Domhain ar chórais chun an aidhm seo a bhaint amach. Is amhlaidh a athshúnn na haigéin an-chuid teasa ó radaíocht na Gréine, agus aisradaíonn siad cuid den teas sin amach sa spas. Is é dromchla na farraige a fhaigheann an teas seo, agus de bhrí gur drochsheoltóir teasa é an sáile, ní aistríonn an teas go dtí bun na farraige ach ar éigin. Mar sin tarlaíonn difríocht teochta idir barr is grinneall na farraige. Sa chóras a úsáidtear chun an fhoinse fuinnimh seo a fheidhmiú, téann an t-uisce ar barr an cuisneán, mar amóinia, á ghalú. Gluaiseann an ghal seo trí thuirbín, a rothlaíonn dineamó chun leictreachas a ghiniúint. Ansin ritheann an ghal trí phíobán ag doimhneacht mar a bhfuil teocht timpeall 20 °C níos lú ná teocht an bhairr, rud a chomhdhlúthaíonn an ghal ina leacht roimh fhilleadh dó don ghalaitheoir ag barr te na farraige. Tá córais den saghas seo an-chostasach fós, ach seans go mbeidh an lá leo amach anseo nuair a éiríonn ola níos costasaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh teirmeach na farraige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.