Fuaimeanna na Feirme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iomaí fuaim a chloistear ar fheirm.

  • Bíonn an bhó ag géimrigh.
  • Bíonn an tarbh ag búitrigh.
  • Bíonn an capall ag siotraigh.
  • Bíonn an t-asal ag áthairigh.
  • Bíonn an gamhain ag béicigh.
  • Bíonn an chaora ag méiligh.
  • Bíonn an gabhar ag meigeallaigh.
  • Bíonn an chearc ag grágallaigh.
  • Bíonn na héanlaithe ag giolcaireacht.
  • Bíonn an lacha ag grágarsach.
  • Bíonn an coileach ag glaoch.
  • Bíonn an mhuc ag gnústaigh agus ag cneadaíl.
  • Bíonn an banbh ag scréachaigh.
  • Bíonn an madra ag tafann, ag amhastraigh agus ag sceamhaíl.
  • Bíonn an chú ag glamaíl.
  • Bíonn an cat ag crónán.