Fuadach na nGael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tithe croiteanna ina fhothraigh ar Fhuaigh Mòr i Loch Roag. Díbríodh muintir an oileáin sa bhliain 1841 agus níl ann anois ach talamh féaraigh le haghaidh caorach.

Is éard a bhí i gceist le Fuadach na nGael (Gaeilge na hAlban: Fuadach nan Gaidheal) ná díbirt a cuireadh i bhfeidhm ar Ghaeil na hAlban san ochtú agus san naoú haois déag. Chuir tiarnaí talún iachall ar na tionóntaí a gcuid feirmeacha a fhágáil. Ba é ba toradh do na díbirtí seo ná gluaiseacht mhór na nGael go cóstaí na hAlban, go Galltacht na hAlban agus go dtí na coilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh.

Bhí baint ag an bhFuadach le meath na sochaí traidisiúnta in Albain. Go bunúsach bhí saol na nGael in Albain bunaithe ar chóras na gclann: is é sin chaithfeadh na scológa urraim a thabhairt don taoiseach, agus dá réir sin bhí de dhualgas ar an taoiseach seasamh do leas a mhuintire. De réir a chéile, thosaigh na taoisigh ag dearcadh orthu féin mar thiarnaí talún den ghnáthchineál, agus ansin tháinig an smaoineamh acu gurbh fhearr airgead a shaothrú ar chaoirigh ná ar obair a gcuid scológ. Mar sin, chinn siad ar an ruaig a chur ar na scológa le caoirigh a chur ina n-áit.

Ba í an bhliain 1792 an bhliain ba mheasa, agus is gnách le Gaeil na hAlban Bliadhna nan Caorach, is é sin, Bliain na gCaorach, a thabhairt ar an mbliain sin. Cuid de na scológa shocraigh siad síos ar chóstaí na hAlban, agus bhí siad lena gcuid a shaothrú ar "chroiteanna", is é sin, ar chaoráin shuaracha talún nár leor ar aon nós le bia ná beatha a choinneáil leis na Gaeil. Mar sin b'éigean dóibh dul le hiascaireacht go páirtaimseartha, slí bheatha nach raibh siad ina taithí go dtí sin. An chuid eile acu cuireadh ar bhord an bháid bháin iad a thug go hAlbain Nua iad - Pictou, Antigonish, agus Oileán Cheap Bhreatainn. Tá Gaeilge na hAlban á labhairt san oileán sin inniu féin.