Frithionaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Fritíortha

Is éard is frithionaid ann ná dhá ionad ar thaobhanna urchomhaireacha den Domhan ar féidir iad a cheangal le líne dhíreach trí lár an Domhain. Mar shampla, is frithionaid iad Baie de la Seine sa bhFrainc (49° 45′ thuaidh is 1° thiar) agus Oileán an Fhrithionaid sa Nua-Shéalainn (49° 42′ theas is 178° 50′ thoir). Úsáideann Eorpaigh an téarma na Fritíortha go neamhchruinn ag tagairt don Astraláise.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithionaid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.
  2. “Fritíortha” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-10-05.