Frithghníomhuithe Fuilaistrithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Deontóir fola

I míochaineleigheas, is éard is Frithghníomhaithe Fuilaistrithe ann ná freagairt gan choinne san othar atá bainteach le fuilaistriú fola nó comhábhar fola. Chun go n-íoslaghdófaí an baol nó an contúirt a bhaineann le fuilaistriú, moltar gan an chóir leighis a thabhairt ach de réir mar is gá.

Clár ábhair

[athraigh] Cineálacha frithghníomhaithe

[athraigh] Frithghníomhuithe Géara Fuilaistrithe (FGF)

Ar na frithghníomhuithe géara tá:

[athraigh] Frithghníomhuithe Haemalaíocha Géara Fuilaistrithe ( FHGF)

Is é an sainmhíniú ar FHGF, frithghníomhuithe a tharlaíonn taobh istigh de 24 uair a chloig i ndiaidh fuilaistriú agus gnéithe cliniceacha agus/nó saotharlainne den haemalú i láthair ( Grúpa Oibre ISBT Capetown, 2006).

Ar na cúiseanna leis an haemalú géar tá neamh-chomhoiriúnacht ABO, neamh-chomhoiriúntacht antaigine eile e.g. Rh D, Kell nó tosca neamh-dhíonacha ar nós tuaslagáin hipeartonacha/hipeatonacha nó táirgí míochaine a meascadh leis an gcomhábhar fola.

Úsáideann an tAontas Eorpach an córas rangaithe seo a leanas:

  • Haemalú imdhíonachta ag éirí as neamh-chomhoiriúnachr ABO
  • Haemalú imdhíonachta ag éirí as alla-antasubstaint eile-Géar
  • Haemalú neamh-imdhíonach

[athraigh] Frithghníomhuithe Neamh-haemalaíocha Fiabhrasacha Fuilaistrithe

[athraigh] Frithghníomhuithe Ailléirgeacha & Anaifiolachtacha Géara Fuilaistrithe (FAAGF)

Tarlaíonn Anaifiolachtacht/Hipiríogaireacht le hothar a réamhíograíodh le haillérigin agus a athnochtar don antaigin airithe sin arís. Tá beagán othar ann a bhfuil dian-easpa IgA orthu agus a fhorbraíonn antashubstaintí do IgA. D'fhéadfadh dian-anaifiolachtacht a bheith ar roinnt de na hothair sin má nochtar le IgA iad trí fhuilaistriú ( McClelland, 2001)

[athraigh] Frithghníomhuithe Neamh-Ghéara Fuilaistrithe (FNGF)

[athraigh] Frithghníomhuithe Haemalaíocha Moillithe Fuilaistrithe (FHMF)

An sainmhíniú ar FHMF, gur fianaise atá ann ar ghnéithe cliniceacha nó saotharlainne an haemalaithe a tharlaíonn breis agus 24 uair fichead agus suas le 38 lá i ndiaidh le fianaise shéireolaíoch an antasubstaintí. (Buíon Oibre ISBT, Capetown, 2006)

Do chuid uirlisí
I dteangacha eile