Friotachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilFriotachas
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Tomhasann friotachas (Béarla: resistivity) cé chomh láidir a fhrithsheasann ábhar i gcoinne srutha leictrigh. Léiríonn friotachas íseal go ligeann ábhar gluaiseacht an luchtaleictrigh go héasca. Tugtar go minic an litir Gréagach ρ (ró) ar fhriotachas ábhar an tseoltóra. Is é aonad SI an fhriotachais leictrigh ná an t-óm-méadar (Ω ⋅ m) cé go bhfuil aonaid eile ar nós t-óm-ceintiméadar⋅(Ω ⋅ cm) in úsáid freisin. Mar shampla, má bhaineann friotaíocht R le seoltóir dar fad agus darb achar trasghearrtha A, tugtar an tairiseach ρ leis an bhfoirmle:

Má tá ciúb soladach d'ábhar 1 m × 1 m × 1 m ann, agus an fhriotaíocht 1 Ω idir na teagmhálacha leictreacha idir dhá thaobh urchomhaireach an chiúb, ansin, beidh friotachas an ábhair 1 Ω ⋅ m.

Friotaíocht méadair chiúbaithe d'ábhar, airí tairiseach ag teocht ar leith. Úsáidtear an tsiombail ρ, le haonad Ω.m (méadar óim), dó. Ag 0 °C, luach ρ = 1.55 × 10-8 Ω.m ag copar (seoltóir maith leictreach), 0.5 Ω.m ag gearmáiniam (leathsheoltóir), agus 1011 Ω.m ag gloine (inslitheoir nó drochsheoltóir). Tugtar an tseoltacht ar 1/ρ.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Friotachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.