Frida Kahlo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rugadh Frida Kahlo (1907-1954) i gCathair Mheicsiceo ar an 6ú lá de mhí Iúil, 1907. Peintéir ab ea í.

Frida Kahlo lena fear chéile Diego Rivera i 1932

Thit polaimiailíteas uirthi agus í 6 bliana d’aois. Dá bhrí sin, bhí a lámh dheis i bhfad níos tanaí ná a lámh chlé. I mí Méan Fómhar, 1925, bhí timpiste uafásach aici agus í ar an mbus ag filleadh abhaile ón gcoláiste. Bhris beagnach chuile cnámh ina corp agus ní raibh sos ón bpian aici le linn a saoil. Agus í ag freastal ar chóisir, bhuail sí le péintéir eile, Diego Rivera, agus phós siad i mí Lúnasa, 1929. Cé go raibh siad i ngrá le chéile, chaith siad a lán ama ag troid. Mhol Diego di éadaí traidisiúnta ón Mheicsiceo a chaitheamh, agus chaith sí a saol go léir sna héadaí seo. Feictear é seo ina pictiúir.

D’úsáid sí a saol crua féin mar ábhar ina pictiúir. I bhformhór a pictiúir, úsáideann sí íomhánna urghránna: mar shampla, í ag fáil báis, í san ospidéal, í ina cathaoir rothaí, fuil ag teacht amach as a corp, srl. Bhí clú agus cáil uirthi ar fud na cruinne agus bhí gach duine i ngrá léi. Chuaigh a sláinte in olcas i 1953 agus bhí uirthi tuilleadh ama a chaitheamh san ospidéal. Dá bhrí sin, d’éirigh sí an-fhéinmharfach. Fuair sí bás ar an 13ú lá de Iúil, 1954. Deirtear gur thóg sí a saol féin. Ina dialann, scríobh sí na focail seo ar an lá roimh a bás:

táim cinnte go mbeidh an deireadh go hálainn agus tá súil agam nach mbeidh gá filleadh ar an áit seo arís.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile