Fred Lawrence Whipple

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a rugadh i Red Oak, Indiana ab ea Fred Lawrence Whipple (1906-2004). Saineolaí ar an nGrianchóras, na cóiméid go háirithe. Scríobh sé an leabhar caighdeánach Earth, Moon and Planets (Domhan, Gealach is Pláinéid, 1941). D'fhionn sé 6 chóiméid, agus ainmníodh as iad. I 1950 thairg sé go raibh na cóiméid déanta as oighear is deannach, agus is uaidh seo a tháinig a thuairisc ar chroíleacán cóiméid: liathróid shalach sneachta. I Réadlann Fred Lawrence Whipple in Amado, Arizona, tá an teileascóp frithchaiteach is mó sna Stáit Aontaithe.