Frans Eemil Sillanpää

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrans Eemil Sillanpää

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1888
Hämeenkyrö (Impireacht na Rúise)
Bás3 Meitheamh 1964
75 bliana d'aois
Heilsincí (an Fhionlainn)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síJumesniemi Church School (en) Aistrigh
Tampereen lyseon lukio (en) Aistrigh
Haukijärvi School (en) Aistrigh
Ollscoil Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhionlainnis
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1916 –
Ainm cleiteEemil Syväri
Taata Sillanpää Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Teaghlach
CéileSigrid Salomäki
Anna von Hertzen Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0798072 Musicbrainz: 1b5b80a9-28db-40d1-99f8-a64ad636bc42 Discogs: 1515370 Find a Grave: 130952844 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Fionlannach ba ea Frans Eemil Sillanpää (16 Meán Fómhair 18883 Meitheamh 1964).[1] Bronnadh Duais Nobel na litríochta air sa bhliain 1939. D'fhág an scéal liriciúil dúisitheach Nuorena nukkunut (Béarla:The Maid Silja; A Thit ina Codladh go hÓg is brí don teideal Fionlainnise) sa bhliain 1931 a leithéid de dhraíocht ar a léitheoirí agus gur éirigh an t-ainm féin Silja coitianta taobh amuigh den Fhionlainn, agus murarbh é Hurskas kurjuus a thuill Duais Nobel don scríbhneoir, ba é an t-úrscéal The Maid Silja a chinntigh dó í.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sillanpää i Hämeenkyrö san Fhionlainn, thiar sa bhliain 1888. Scológ bhocht ab ea a athair, Frans Henrik Koskinen. A mháthair, arís, ba iar-chailín aimsire í ar saolaíodh leanbh tabhartha di nuair a bhí sí ar fostú. Ba mhór an náire é seo ag an am, agus mar sin, is beag fear a phósfadh í ina dhiaidh sin. Bhí sí thar thríocha bliain d'aois nuair a thoiligh Frans Henrik glacadh léi mar bhean chéile.

Bocht is mar a bhí siad, bhí an lánúin seo an-dírithe ar bhealach an oideachais a réiteach don bhuachaill, agus d'éirigh leo é a chur ag foghlaim léinn i meánscoil i dTampere. I dtús a chuid scolaíochta ansin, chuir sé faoi i gceantar an lucht oibre, Amuri, áit a bhfuil iarsmalann an lucht oibre inniu.

Ansin, áfach, fuair sé aithne ar ghróintín saibhir tionsclaíochta, Henrik Liljeroos, a d'aithin buanna an bhuachalla óig agus a d'fháiltigh chuige féin é. Bhí Liljeroos den bharúil go raibh comhábhair an dochtúra san fhear óg, agus chuir sé ag staidéar míochaine é in Ollscoil Heilsincí.

San ollscoil dó, tháinig Frans Eemil isteach i saol an ardchultúir, agus aithne aige ar Jean Sibelius, ceolchumadóir náisiúnta na Fionlainne, chomh maith leis an scríbhneoir Juhani Aho. Bhí sé faoi thionchar na sruthanna comhaimseartha, cosúil le briseadh mór an nua-aoiseachais i gCríoch Lochlann agus scríbhneoirí cosúil le hAugust Strindberg sa tSualainn. An Darwineachas Sóisialta agus an smaointeoireacht bhitheolaíochtúil a bhí faiseanta san am, chuaigh siad i bhfeidhm ar Sillanpää chomh maith, agus é ag léamh Oswald Spengler (Der Untergang des Abendlandes) agus Ernst Haeckel. Ón taobh eile de, bhí suim aige i smaointeoireacht Leo Tolstoy chomh maith, ó bhí aithne aige ar Arvid Järnefelt, a bhí chun tosaigh ar na Fionlannaigh ar fad mar dhuine de lucht leanúna Tolstoy, agus aithne phearsanta aige ar an máistir.

1916, le Järnefelt

I ndiaidh cúig bliana a chaitheamh i Heilsincí, d'éirigh Sillanpää as an staidéar míochaine agus chrom sé ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Ar dtús, bhí sé ag dul le hiriseoireacht, agus sa bhliain 1914, thaistil sé an tSualainn agus an Danmhairg le haltanna a scríobh faoi shaol na dtíortha seo don nuachtán úd Uusi Suometar.

Faoin am seo ar casadh a bhean chéile, Sigrid Maria Salomäki, air an chéad uair. Phós siad sa bhliain 1916.

Tús na Scríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Sillanpää an chéad úrscéal leis sa bhliain 1916, mar atá, Elämä ja aurinko ("An Saol is an Ghrian"). Bhí príomheilimintí a chuid scríbhneoireachta le haithint ar an gceann seo cheana féin, mar atá, saol na tuaithe agus an chéadfacht chollaí a thabhaigh míchlú na pornagrafaíochta dó ó chiorcail áirithe na tíre. Triantán grá a bhí i gceist leis an scéal seo, agus an fear óg atá ina phríomhphearsa á streachailt as a chéile idir beirt chailíní.

Frans Sillanpää, 1939

Hurskas kurjuus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1918, bhí an Fhionlainn féin á streachailt as a chéile, agus na Gardaí Bána is na Gardaí Dearga ag cur cogaidh ar a chéile.

Bhí Sillanpää ag tacaíocht leis na Bána, ní nach ionadh, ach ó ba rud é go raibh aithne aige ar shaol na mbocht óna chéad óige féin, bhí sé in ann cás na nDearg féin a thuiscint, chomh maith.

1948

Léirigh sé é sin leis an úrscéal tábhachtach úd Hurskas kurjuus ("An Cruatan Cráifeach" - is é Meek Heritage a thugtar air san aistriúchán Béarla) a tháinig amach sa bhliain 1919. Siúd is go ndearnadh cinsireacht ar lochtú an scríbhneora ar chruálacht na nGardaí Bána, tháinig a dhearcadh chun solais go soiléir: ní raibh sé sásta leis an dóigh ar cuireadh na mílte Dearga chun báis, nuair nach raibh iontu siúd go minic ach deargbhochtáin nach raibh ábalta a leas féin a aithint.

Díol trua agus truamhéile is ea Juha Toivola, príomhphearsa an úrscéil, gan aon amhras, idir bhocht agus mhacánta. Téann Juha leis na Gardaí Dearga ceart go leor, agus sa deireadh thiar thall cuireann na Bána chun báis é, ach níl i gceist leis na himeachtaí sin ach an chinniúint nach bhfuil fear chomh suarach leis in ann cor a chur inti.

Cé gur scríobhadh an leabhar lom díreach i ndiaidh an chogaidh chathartha, agus na Bána i gcónaí ag éileamh pionóis dhiana ar na Dearga, bhí leabhar Sillanpää ag iarraidh athmhuintearas a chur chun cinn idir dhá thaobh an chogaidh. Is féidir an iarracht seo a aithint ar an gcaibidil aislinge, ina dtagann Juha Toivola agus fear a mharaithe le chéile ar Neamh, agus an fuath imithe eatarthu, ó bhronn láithreacht Dé olltuiscint agus ollmhaithiúnas orthu. Íorónta go leor, b'iomaí léitheoir a raibh meas an Chríostaí aige air féin a bhí as cuimse míshásta leis an aisling seo, agus é den tuairim nach raibh an maithiúnas Críostaí ag dul do na Dearga, a bhí ag diúltú do Dhia, mar Shóisialaigh.

Clú idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna fichidí, chuaigh Sillanpää trí ghéarchéim phearsanta a bhí ar tí a chabhóg a dhéanamh. Bhí clann le beathú aige, agus níor chuidigh sé leis. Bhí sé báite i bhfiacha i ndiaidh teach mór ghalánta a thógáil i Hämeenkyrö. Bhí sé ag ól go flúirseach, freisin, nó bhí drochnós na druncaerachta dulta sa smior ann ó bhí sé ag freastal ar chóisirí saibhre na maithe is na móruasal thiar i Heilsincí. Mar sin féin, d'éirigh leis a bhád a tharraingt i dtír leis an úrscéal úd Nuorena nukkunut

Nuorena nukkunut, 1931[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsíodh Nuorena nukkunut ("A Thit ina Codladh go hÓg" - The Maid Silja atá ar an aistriúchán Béarla) sa bhliain 1931. Is é príomhthéama an leabhair ná an dóigh a dtagann an meath i ndiaidh an bhlátha. Bhí Sillanpää riamh faoi dhraíocht ag an smaoineamh seo - féach an luí a bhí aige le smaointeoireacht Oswald Spengler, cuir i gcás.

Mar sin, scríobh sé an t-úrscéal seo faoi chailín óg a bhí ina géag dheireanach i gcrann ginealais a muintire. Silja Salmelus is ainm don chailín, agus feirmeoirí saibhre is ea a sinsir. Anois, áfach, tháinig an meath ar theach agus ar threabhchas Salmelus, agus caithfidh Silja fostú a fháil mar chailín aimsire. Agus an óige ag borradh ina féitheoga, téann sí i gcomhriachtain chollaí lena buachaill; ina dhiaidh sin, tréigeann sé í, agus ansin, faigheann sí bás le créachta.

D'fhág an scéal liriciúil dúisitheach seo a leithéid de dhraíocht ar a léitheoirí agus gur éirigh an t-ainm féin Silja coitianta taobh amuigh den Fhionlainn, agus murarbh é Hurskas kurjuus a thuill Duais Nobel na litríochta don scríbhneoir, b'é an t-úrscéal Nuorena nukkunut a chinntigh dó í.

Ihmiset suviyössä, 1934[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1934 a foilsíodh príomhshaothar Sillanpää, Ihmiset suviyössä ("Na Daoine san Oíche Shamhraidh"). Tugann an t-úrscéal cur síos ar imeachtaí oíche samhraidh, idir bhás agus bheatha. Go háirithe, is ábhar iontais agus, b'fhéidir, uafáis don léitheoir an dóigh anghrách, beagnach, a gcuirtear an marú inár láthair, nó nuair a shánn an dúnmharfóir a scian isteach san fhear eile, mothaíonn sé "séimhe chéasta" (riuduttavaa hellyyttä) i leith an íobartaigh. Níl sé deacair an chiall chollaí a bhaint as na focail sin.

Cogadh an Gheimhridh, 1939-1940[cuir in eagar | athraigh foinse]

1939

Cibé faoin duais, fuair Sillanpää é féin i bponc nuair a phléasc an cogadh amach, agus an tArm Sóivéadach ag cúngú ar an bhFionlainn. Bhí na luaidreáin ag imeacht nach bhfuair sé duais Nobel ach mar chomhartha tacaíochta ón tSualainn do na comharsana a bhí díreach ag cur troda ar son a neamhspleáchais.

Bhí an eite dheis míshásta le liobrálachas cultúrtha Sillanpää, agus an eite chlé in amhras faoi. Fuair a bhean chéile bás faoin am seo, agus phós sé a rúnaí ar lorg faoisimh nach bhfuair sé - theip ar an gcleamhnas seo go hiomlán. Chuaigh sé go dtí an tSualainn le hé féin a shábháil ón gcogadh, rud a thuill tarcaisne na heite deise míleata dó, agus iad ag cur cladhaireachta ina leith.

D'fhoilsigh sé Litir do na Deachtóirí, inar cháin sé Hitler agus Stailín, beart a tharraing cinsireacht ar a chuid leabhar sa Ghearmáin. Ón taobh eile de, scríobh sé amhrán máirseála d'Arm na Fionlainne ar thug na saighdiúirí an-taitneamh dó. Áirítear an t-amhrán inniu ar shiombailí náisiúnta na tíre

Kotikontujen tienoita tervehtien
tämä laulumme kaikukoon,
yli peltojen, vetten ja tunturien
aina Hangosta Petsamoon.
Sama kaiku on askelten,
kyllä vaistomme tuntee sen,
kuinka kumpujen kätköistä, mullasta maan
isät katsovat poikiaan.
("Go gcluintear an t-amhrán seo againn
mar bheannacht do thír ár ndúchais,
thar na páirceanna, os cionn na loch is na gcnocán
ó Hanko go Petsamo.
Is ionann rithim na gcoiscéimeanna,
agus ár n-instinn ag mothú an dóigh a bhfuil ár gcuid sinsear
i dtalamh ár dtíre, i gcúl na gcnoc
ag féachaint ar a sliocht.")
Sinä tiedäthän veikko mun vierelläin
mikä retkemme tänne toi.
Ilomielin me riensimme sinne päin
mistä yhteinen kutsu soi.
Tapa tuttu jo taattojen
nyt on hoidossa poikasten 
kun on vaaralle alttiina syntymämaa,
kotiaskareet jäädä saa.
("Tá a fhios agat, a bhráthair i m'aice,
cá bhfuil ár dtriall anois.
Bhí áthas orainn dul an bealach
a tháinig an ghairm shlógtha.
An rud a rinne na haithreacha roimhe seo,
tá sé idir lámhaibh ag a gclann mhac anois.
Nuair atá an tír dhúchais i ndainséar,
ní mór obair an tinteáin a fhágáil ar lár.")
Mitä lieneekin aarteita Suomessa,
toki kallehin on vapaus.
Täällä suorana seistä ja kaatua
joka miehellä oikeus.
Siis te lapset ja vanhukset
ja te äidit ja morsiamet 
niin kauan on teillä suojattu lies
kuin on pystyssä ykskin mies.
("Cibé cineál saibhreas atá ar fáil san Fhionlainn,
is í an tsaoirse is daoire linn.
Tá gach fear anseo i dteideal
seasamh go daingean agus bás a fháil.
Mar sin, a pháistí agus a sheanóirí,
a mháithreacha is a bhrídeoga 
ní baol do bhur gcuid tinteán,
a fhad is a fhanfaidh oiread is aon fhear amháin ina sheasamh.")
1980

Blianta an Drabhláis agus na Díomá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé cúpla leabhar, Elokuu ("Mí Lúnasa") sa bhliain 1941 agus Ihmiselon ihanuus ja kurjuus ("Sult agus cruachás na beatha daonna") i 1945, a raibh an díomá, an mealladh a bhain an saol féin as an scríbhneoir, mar phríomhthéama agus mar chnámh droma iontu.

Ón taobh eile de, thosaigh sé ag tabhairt óráidí raidió, agus é breá sásta úsáid a bhaint as an meán seo lena shaothar cruthaitheach a chraobhscaoileadh. Ba nós leis "seanmóir na Nollag ó Taata" a léamh ar an raidió gach bliain. "Taata" an leasainm a bhí air san am sin - focal a chiallaíonn "Daid" nó "Daideó".

Sna caogaidí, bhreac sé síos trí leabhar dírbheathaisnéise, go háirithe Poika eli elämäänsä ("Bhí saol dá chuid féin ag an mbuachaill") a foilsíodh sa bhliain 1953. Cur síos ab ea é ar thús a shaoil mar bhuachaill beag ar éirigh leis oideachas a tharraingt air féin. Fuair sé bás ar an tríú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1964.

Tháinig niúmóine air agus fuair Sillanpää bás ar 3 Meitheamh 1964, in aois 75 dó,

1940

Saothair Shillanpää as Fionlainnis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Elämä ja aurinko ("An Saol agus an Ghrian", nó "An Saol agus Taithneamh na Gréine") 1916. Scannánaíodh an ceann seo sa bhliain 1955 faoin teideal Poika eli kesäänsä ("Bhí samhradh dá chuid féin á chaitheamh ag an mbuachaill" - tagairt shoiléir do theideal an leabhair bheathaisnéise le Sillanpää a tháinig i gcló an chéad uair dhá bhliain roimhe sin).
  • Ihmislapsia elämän saatossa ("Páistí daonna á seoladh ag an saol") 1917
  • Rakas isänmaani ("Mo ghrá thú, a thír dhúchais") 1919
  • Hurskas kurjuus ("An Cruachás Cráifeach") 1919
  • Enkelten suojatit ("Peataí na nAingeal") 1923
  • Maan tasalta ("Ó Dhroim an Domhain") 1924
  • Hiltu ja Ragnar ("Hilda agus Ragnar") 1924
  • Töllinmäki ("Cnoc an Bhotháin") 1925
  • Rippi ("Faoistin") 1928
  • Jokisen Petterin mieliteot ("Na rudaí a rith le Petteri Jokinen a dhéanamh") 1928
  • Kiitos hetkistä, Herra ("Altaím na nóiméid seo leat, a Thiarna") 1929
  • reilig Hämeenkyrö
    Nuorena nukkunut ("A Thit ina Codladh go hÓg") 1931. Rinne Teuvo Tulio, ceannródaí an anghrá ina cheird san Fhionlainn, scannánú den leabhar seo sa bhliain 1937.
  • Miehen tie ("Bealach an Fhir") 1932. Scannánaigh an stiúrthóir éirimiúil Nyrki Tapiovaara an leabhar, ach theip air é a chríochnú, nó fuair sé bás i gCogadh an Gheimhridh, i bpáirc an áir. Chuir Hugo Hytönen clabhsúr ar an obair, agus tháinig an scannán ar na scáileáin sa bhliain 1940.
  • Virran pohjalta ("As Tóin na hAbhann") 1933
  • Ihmiset suviyössä ("Na Daoine in Oíche Shamhraidh") 1934. Scannánaíodh an ceann seo sa bhliain 1948
  • Viidestoista ("An Cúigiú Ceann Déag") 1936
  • Elokuu ("Mí Lúnasa") 1941. Rinneadh scannán den cheann seo sa bhliain 1956. B'é Matti Kassila, stiúrthóir mór na linne i stair scannánaíochta na Fionlainne, a rinne an obair.
  • Ihmiselon ihanuus ja kurjuus ("Aoibhneas agus Cruachás an tSaoil Dhaonna") 1945. Matti Kassila a scannánaigh an ceann seo freisin, chomh déanach leis an mbliain 1988.
  • Poika eli elämäänsä ("Bhí saol dá chuid féin á chaitheamh ag an mbuachaill") 1953
  • Kerron ja kuvailen ("Tá mé ag insint agus ag tabhairt tuairisce") 1954
  • Päivä korkeimmillaan ("An Neartlá") 1956

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. feictear Frans Emil freisin; tá an litriú Eemil bunaithe ar an bhfuaimniú Fionlainnise, ach is dócha gurb é Emil an litriú oifigiúil