Francis Ledwidge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leacht cuimhneacháin Francis Ledwidge, san áit a bhfuair sé bás.

File iomráiteach Éireannach ab ea Francis Ledwidge (19 Lúnasa 1887 - 31 Iúil 1917). Rugadh i gcontae na é agus maraíodh é sa chéad chogadh domhanda.

Saol agus Saothar[athraigh | edit source]

Duine de theaghlach mór beo bocht ab ea é, ach meas acu riamh ar an léann. D'éag a athair agus gan ach cúig bliana slánaithe ag Ledwidge. Lean sé lena chuid oideachais agus é ag obair leis chun é féin a chothú.

Thosaigh sé ag cumadh dánta agus luí sé isteach leis an bhfilíocht go díograisach. Foilsíodh cuid mhaith dánta leis, faoin am seo, i nuachtáin áitiúla. Thug Lord Dunsany pátrúnacht dó ó 1912 ar aghaidh agus chuir sé a leabharlann ar fáil dó, chomh maith le cuid mhaith áiseanna eile. Thug seisean cabhair dó a chéad chnuasach filíochta, Songs of the Fields, a chur in eagar agus i gcló.

An Chéad Chogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Ba náisiúnaí Éireannach daingean é agus mar bhall de na Irish Volunteers, chuaigh sé isteach in Arm Shasana chun troid sa chéad chogadh domhanda ar son tíortha beaga, mar dhea. Tháinig sé slán ón sléacht i nGallipoli, agus d'éirigh sé tinn i sléibhte na Seirbia ansin, áit ar chum sé neart filíochta.

Bhí sé cráite tar éis Éirí Amach na Cásca agus briseadh as an arm é, óir nár fhill sé in am óna chuid saoire agus as a bheith ólta faoi éide freisin.

Tar éis tamall gearr, cuireadh ar ais chuig an gcogadh é. Ar an 31ú lá de mhí Iúil 1917, agus é ag ól tae lena chomrádaí, ar thaobh an bhóthair in aice le Pilkem, gar do Ypres, maraíodh é de bharr pléasc sliogán.

A Shaothar[athraigh | edit source]

Níor foilsíodh ach cnuasach amháin filíochta leis i rith a shaoil ach cuireadh neart filíochta leis i gcló i nuachtáin áitiúla. Foilsíodh dhá cnuasach filíochta eile leis, Songs of Peace agus Last Songs, tar éis dó bás a fháil.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]