François Fillon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
François Fillon
François Fillon à l'Assemblée nationale, 2007.jpg

168ú Príomh-Aire na Fraince
In oifig
17 Bealtaine 2007 - 25 Bealtaine 2012
Réamhtheachtaí: Dominique de Villepin
Comharba: Jean-Marc Ayrault

Dáta breithe 4 Márta 1954
  Le Mans, An Fhrainc
Páirtí Union pour un Mouvement Populaire
Gairm Dlíodóir
Céile Penelope Fillon
Suíomh gréasáin premier-ministre.gouv.fr

Is polaiteoir Francach a bhí ina Phríomh-Aire na Fraince ón mbliain 2007 go dtí 2012 atá i François Fillon. Ba bhall é den pháirtí RPR agus anois is ball é den UMP. Roimh an bpríomh-aireacht bhí sé ina ionadaí, aire, seanadóir agus ball de Conseil général (comhairle ghinearálta) de la Sarthe.

Toghadh Fillon don Assemblée nationale (parlaimint na Fraince) don chéad uair sa bhliain 1981. Ba Aire é idir 1993 agus 1997 i rialtais Edouard Balladur agus Alain Juppé.

Ceapadh mar Aire Saothair é sa bhliain 2002 i rialtas Jean-Pierre Raffarin. Ceapadh mar Aire Oideachais agus Taighde é sa bhliain 2004. Ní raibh sé páirteach i rialtas nua Dominique de Villepin sa bhliain 2005 ach toghadh é mar Sheanadóir don départment Sarthe. Ba chomhairleoir é do Nicolas Sarkozy agus é i mbun feachtais don toghchán uachtaránacha, agus cheap Sarkozy é mar Phríomh-Aire é ar an lá tar éis an toghcháin.