Fra Filippo Lippi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir reiligiúnda a rugadh i bhFirenze na hIodáile ab ea Fra Filippo Lippi (c 1406-1469). Is é a phríomhshaothar ballaí na córlainne in ardeaglais Prato, a thosaigh sé i 1452. I measc a shaothair níos déanaí tá cuid mhaith íomhánna de bhreith Chríost agus téamaí reiligiúnda eile.