Forbairt inchinne sa leanbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is fíorbheag é an tuiscint ar an inchinn agus conas a fhoghlaimíonn sí ábhair chomh casta le loighic, moráltacht, is mothúchán. Is eol, áfach, go mbíonn an inchinn á cumadh is á heagrú fós tar éis breithe. Bíonn i bhfad níos lú sionapsaí — na ceangail idir cealla néarógacha — ag leanbh an-óg ná ag duine fásta. Ag aois a 2 bíonn an oiread céanna sionapsaí acu. Ag aois 4-10 bíonn farasbarr díobh ag an bpáiste thar an duine fásta, agus faoi 16 bhliain bíonn líon an duine fhásta ag an duine óg arís. Ní fios cén bhaint a bhíonn ag géinte is cleachtaí leis an bhforbairt seo, ná cé na cleachtaí atá inmholta d'fhonn an inchinn a fhorbairt oiread agus is féidir. Ó thaobh fiseolaíochta de, tá an-chuid taighde ag díriú ar choirtéis an éadain san inchinn, a bhíonn an-ghníomhach ina meitibileacht ag aois 6 mhí-2 bhliain, agus arís le linn caithreachais, rud a d'fhéadfadh a bheith bainteach le forbairt mhothúchánach nó chognaíoch. Aisteach go leor, bíonn an maothán clé gníomhach nuair a mhothaíonn an duine óg sonas, áthas nó spéis, ach an maothán deas a bhíonn san áireamh agus mothú diúltach aici/aige. Meastar uaidh sin go dtéann cleachtaí áirithe, ag céimeanna forbartha faoi leith, i bhfeidhm ar na ciorcaid is na ceangail mhothúchánacha sa choirtéis sin. Ach tá obair ollmhór taighde le déanamh chun na forbairtí is torthaí seo a léiriú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forbairt inchinne sa leanbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.