Foraoiseacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur, fás, baint is margaíocht crann, agus bainistiú ainmhithe fiáine is acmhainní caitheamh aimsire i bhforaoisí, is ea foraoiseacht.

Fásann coillteoirí barra nua adhmaid trí phróiseas a dtugtar athfhoraoisiú saorga air.

Tugtar foraoisiú ar an saothar nuair a chuirtear síolphlandaí (crainn 1-4 bliain d'aois) ar thalamh nach raibh foraois uirthi roimhe. De ghnáth is gá timpeall 75,000 síol in aghaidh an heicteáir chun barr cóir crann a tháirgeadh. Más síolphlandaí a chuirtear, is gá 2,000 in aghaidh an heicteáir.

Suí Con (Seecon) in aice le Loch Shuí Con, Abhainn Bhoth Loiscthe (Owenboliska), Gaillimh
Coill Leitir Creamha Rua (Lettercraffroe Wood), Gaillimh

I gcuid mhaith tíortha bíonn foraoisí faoi údarás stáit, a bhainistíonn na foraoisí, a dhéanann taighde ar gach gné den ghnó, agus a dhíolann an t-adhmad.

Maidir le bainistiú na n-ainmhithe fiáine, ní mór cothromaíocht idir líon na n-ainmhithe is na n-éan agus soláthar bia, uisce is dídin.

Tá foraoisí ar fud an domhain freisin a ceapadh mar pháirceanna náisiúnta nó comarclanna i gcomhair ainmhithe fiáine, agus iad faoi chosaint ar leith. Ach ní leor na hiarrachtaí seo, mar is i méid atá an baol do na h-ainmhithe fiáine is a ngnáthóga ag dul.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foraoiseacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.