For Whom the Bell Tolls

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFor Whom the Bell Tolls
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarErnest Hemingway Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá, 1940 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCharles Scribner's Sons
Tréith
PríomhábharCogadh Cathartha na Spáinne Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal cogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Archive.org: forwhombelltolls1968hemi

Úrscéal de chuid Ernest Hemingway is ea For Whom the Bell Tolls, "(Gaeilge:Dá Bhuaileann an Cloigín)" a foilsíodh sa bhliain 1940. Tharraing an scannán sa bhliain 1943 clú idirnáisiúnta ar Hemingway.

An leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is líne ó dhán an fhile Sasanaigh, John Donne, é teideal an leabhair seo:

"No man is an island, entire of itself;... and therefore never send to know for whom the bell tolls; it tolls for thee."
Tharraing an scannán clú idirnáisiúnta ar Hemingway níos déanaí

Tá an t-úrscéal bunaithe ar thaithí Hemingway i gCogadh Cathartha na Spáinne. Tá an scéal suite in 1937, agus na poblachtánaithe ar tí ionsaí mór a thosnú ar Segovia. Glacann sabaitéir Meiriceánach, Robert Jordan, tasc chun droichead a phléascadh ionas nacn mbeadh na náisiúnaithe in ann frithionsaí a chur sa tsiúl. Buaileann sé le banda treallchogaidh Phablo sna sléibhte agus an t-éacht á ullmhú aige.

Ingrid Bergmann sa scannán
Gary Cooper sa scannán

Tá bean ann, María, a raibh ina príosúnaí ag na náisiúnaithe i Valladolid. Cuireann Jordan suim inti, cé go bhfuil eagla air a chroí a oscailt d'éinne. D'fhulaing María go mór ag lámha na náisiúnach. Casann an scéal ar mheon Robert Jordan, a dhualgas don tásc idir lámha aige, a dhifríochtaí le ceannaire an bhanda atá dá thacú, Pablo, agus an cion atá ag Jordan do Mharía.

Tá ról lárnach sa scéal freisin ag bean Phablo, Pilar, a insíonn cúpla eachtraí uafásacha ó thús an chogaidh inar maraíodh na náisiúnaithe go barbarach ina baile féin tar éis éirí amach Franco.

Déanann an banda ionsaí ar na saighdiúirí náisiúnacha atá ag cosaint an droichid agus éiríonn le Jordan a dhinimít a chur agus an droichead a phléascadh. Tá na sléibhte breac le saighdiúirí Náisiúnacha i ndiaidh an ionsaí agus goineadh Jordan go dona agus an banda ag teitheadh ar a gcapaill. Fanann sé ann chun a chomhghleacaithe a chosaint agus iad ag teitheadh. Críochnaíonn an scéal le Jordan ar an dtalamh leis an meaisínghunna agus é ag smaoineamh faoin saol nach mbeidh sé in ann a chaitheamh le María.

Baineann Hemingway úsáid as sean-téarmai Bhéarla ar nós thee agus thou in ionad you chun blas an chanúint áitiúil Spáinnise a chruthú.

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh scannán cáiliúil[1] den leabhar i 1943 le Gary Cooper i bpáirt Robert Jordan agus Ingrid Bergmann i bpáirt María. Bhuaigh Katina Paxinou, a raibh páirt Pilar aici, an gradam Oscar don ban-aisteoir taca is fearr.

Tharraing an scannán clú idirnáisiúnta ar Hemingway.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhrán é "For Whom the Bell Tolls" ón grúpa Metallica ar a n-albam Ride the Lightning ó 1984. Is tagairt do chuid den leabhar é an t-amhrán, ina bhfuil ceannaire bhanda treallchogaithe, El Sordo, timpeallaithe ag saighdiúirí náisiúnacha ar chnoc. Tagann eitleáin chun na treallchogaithe go léir a bhuamú is maraítear iad go léir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "For Whom the Bell Tolls (film)" (as en) (2021-06-05). Wikipedia.