Forógra Schuman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard é Forógra Schuman ná moladh rialtais a rinne Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, de thuras na huaire, Robert Schuman, go dtabharfaí tionscail guail agus cruach na Fraince agus na Gearmáine le chéile faoin aon Ard-Údarás comhpháirteach amháin. Ar ndóigh bhí láimh ag daoine eile i ndréachtú an fhorógra, go suntasach Jean Monnet, Paul Reuter agus Bernard Clappier. Ag teacht as an moladh seo, cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), atá anois againn mar an tAontas Eorpach (AE).

Ba ar an 9ú lá de Bhealtaine 1950 a rinneadh an forógra, agus déantar cothrom an lae sin a cheiliúradh inniu mar Lá na hEorpa. Meastar Schuman, a bhuíochas don fhorógra, a bheith ar dhuine de Bhunaitheoirí na hEorpa.

Robert Schuman

Leagan Gaeilge den Fhorógra[athraigh | edit source]

Ní fhéadfar an tsíocháin dhomhanda a choimeád slán gan dícheall gníomhach a dhéanamh a bheidh i gcomhréir leis na contúirtí atá ag bagairt ar an tsíocháin sin.

Tá a bhféadfaidh Eoraip, eagraithe agus beo, a dhéanamh chun cur leis an tsibhialtacht fíor-riachtanach chun caidreamh síochánta a choinneáil. Tá an Fhrainc, le os cionn fiche bliain anuas, go mór i bhfách le Eoraip aontaithe a bhaint amach; agus is é an fónamh don tsíocháin a bhí riabh mar aidhm bhunúsach aici ina dhéanamh sin di. Ach níor baineadh Eoraip aontaithe amach, bí sé ina chogadh.

Ní d’aon iarraidh amháin a dhéanfar an Eoraip, ná de réir aon phlean aonair. Déanfar é trí éachtaí cinnte lena gcruthófar dlúthpháirtíocht de facto ar dtús. Ní fhéadfar náisiúin na hEorpa a thabhairt le chéile go dtí go gcuirfear deireadh leis an sean-aighneas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Caithfidh aon bheart a dhéanfar déileáil go príomha leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin.

Chun na críche sin, tá gníomh, a bheidh le glacadh láithreach, á mholadh ag rialtas na Fraince ar phonc atá teoranta ach fós cinntitheach.

Is éard atá á mholadh ag rialtas na Fraince go dtabharfaí táirgíocht iomlán guail agus cruach na Fraince agus an Gearmáine faoi aon Ard-Údarás comhpháirteach amháin, in aon eagraíocht amháin a bhféadfaidh tíortha eile na hEorpa a bheith rannpháirteach inti. Le táirgíocht an ghuail agus na cruach a thabhairt le chéile, ba chóir go gcinnteofaí go mbunófar bonnsraitheanna comhpháirteacha san fhorbairt eacnamaíoch a bheidh mar an chéad chéim i gcónaidhm na hEorpa agus a athróidh a bhfuil i ndán do na réigiúin sin, réigiúin a bhfuil blianta fada caite acu dírithe ar dhéantúsaíocht na n-arm cogaidh, agus arb iad féin is mó a d’fhulaing dá bharr sin.

Beidh le feiceáil go soiléir ansin ón dlúthpháirtiocht táirgíochta, arna bhunú amhlaidh, nach é amháin nach bhféadfar cogadh amach anseo idir an Fhrainc agus an Ghearmáin a shamhlú, ach go mbeidh sé dodhéanta ó thaobh ábhair de. Déanfaidh bunú an aonaid chumhachtaigh táirgíochta seo, a mbeidh cead ag gach tír ar mian léi amhlaidh páirt a ghlacadh ann agus a mbeidh de cheangal air i ndeireadh thiar na gnéithe bunúsacha céanna den táirgíocht thionsclaíoch a sholáthar do na Ballstáit go léir ar na téarmaí céanna, bonnsraith iarbhír a leagan síos dá n-aontú eacnamaíochta.

Cuirfear an táirgeacht seo ar fáil don domhan mór, gan idirdhealú gan eisceacht, agus é mar aidhm léi cur le caighdeáin saoil a ardú agus oibreacha ar son na síochána a fhorbairt. Beidh an Eoraip, leis na hacmhainní méadaithe sin, in ann gabháil do cheann dá chuid cúraimí bunúsacha, agus an cúram sin a bhaint amach, eadhon: forbairt ar mhór-roinn na hAfraice. Ar an tslí seo, bainfear amach go héasca agus go tapaidh nascadh ar na leasanna atá fíor-riachtanach d’fhorbairt chomhchórais eacnamaiochta, as a bhfásaí comphobal mór, cuimsitheach idir tíortha a bhí leis an bhfad seo go fuilteach in aghaidh a chéile.