Fonn Oighir agus Tine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fonn Oighir agus Tine  
Clúdaigh Meiriceá Thuaigh don sraith (as Béarla)
Údar George R. R. Martin
Tír SAM
Teanga Béarla
Foilsitheoir Bantam Books (SAM, Ceanada)
Voyager Books (RA, An Astráil)
AST(an Rúis)

Is sraith fantaisíochta eipiciúil é Fonn Oighir agus TineA Song of Ice and Fire leis an údar agus an scríbhneoir scáileáin Meireacánach George R. R. Martin. Thosaigh Martin an sraith úrscéalta i 1991, agus d'fhoilsíodh an chéad imleabhar, Cluiche RíchathaoireachaA Game of Thrones, i 1996. Bheartaigh Martin tríológ a scríobh ar dtús, ach thar ama, mhéadaigh méid leabhair na sraithe i gceithre leabhar, sé agus ar dheireadh seacht leabhar. Thóg an cúigiú imleabhar, Damhsa DraganA Dance with Dragons, cúig bhliain le scríobh go dtí gur foilsíodh é i 2011. Tá an séú leabhar, Gaotha an GheimhridhThe Winds of Winter, á scríobh ag Martin faoi láthair.

Tárlaíonn scéal "Fonn Oighir agus Tine" ar dhá ilchríoch fhicseanúla: An tIarchríochWesteros agus An tOirchríochEssos, le stair a shíníonn siar na mílte bliain. Insítear an plota sa tríú phearsa ó phointe féachanna na gcarachtar, líon a shroicheann 31 sa chúigiú úrscéal. Fítear trí scéal le chéile thar na sraithe: croiniceacht chogadh ríoraí do rialú na hIarchríche ag roinnt chlainne; teacht chun cinn bagairte an Aos Alltair- muintir fhuar a luí suanach ar feadh na glúine lastall d'Ollbhalla oighir ar imeall tuaisceartach na hIarchríche; agus uaillmhian Danaeras Tairgéirian, iníon loingis de rí a maraíodh i gcogadh cathartha gairid roimh a breithe, chun filleadh ar an Iarchríoch lena dragain chun a ríchathaoir ceart a éileamh.

Thug Martin dúshlán ar chomhghnásanna shéanra na hArdfhantaisíochta trí inspiorad a tharraindt ó eachtraí stairiúla ar nós Cogadh na Rósanna i stair Shasana. Moladh an sraith dá réadúlacht; smachtaíonn sé an dhraíocht i bhfábhar cathanna agus caimiléireacht pholaitíochta. Taispeántar go minic foréigean, collaíocht agus athbhrí mhorálta i measc na mílte carachtar ainmnithe. Maraítear príomhcharactair go minic ionas nach féidir le léitheoirí dul i muinín go bhfanfaidh na laochra ceaptha slán sábhálta. Ligeann an struchtúr ill-amharcphointe do charachtair bheith fiosraithe ó taobhanna difriúla ionas gur féidir leis na mbithiúnaigh ceaptha a bpointe amhairc a chur trasna freisin. Fuair "Fonn Oighir agus Tine" tráchtaireacht cháinteach dá léiriú illghnéitheach de mná agus creideamh.

Cé gur fhoilsíodh i gcéaduair gan morán phoiblíocht na leabhair, tá úrscéalta na sraithe tar éis breis is 15 mhilliún cóipeanna a dhíol ar fud an domhain agus aistríodh i mbreis is 20 teanga iad. Shroich na ceathrú agus cúigiú imleabhair an chéad spota i liostaí Leabhar Sárdhíola de chuid The New York Times ar a n-eisiúint. Chomh maith le an-chuid saothair díoraithe tá trí réamh-nóibhille, sraith teilifíse HBO "Game of Thrones", athchóiriú greannáin, agus roinnt cluichí cártaí, boird agus físe.

Na Leabhair[athraigh | edit source]

Údar na sraithe Fonn Oighir agus Tine, George R.R. Martin

Is iad seo na leabhair sa sraith ina n-ord foilsiúcháis/eisithe:

# Teideal (Gaelaithe) Teideal Bunaigh Líon na gCaibidlí Dáta Eisithe SAM
1 Cluiche Ríchathaoireacha A Game of Thrones 73 Lúnasa 1996
2 Coimhlint Ríthe A Clash of Kings 70 Feabhra 1999
3 Stoirm Chlaimhte A Storm of Swords 82 Samhain 2000
4 Féasta Caróga A Feast for Crows 46 Samhain 2005
5 Damhsa Dragan A Dance with Dragons 73 Iúil 2011
6 Gaotha an Gheimhridh The Winds of Winter Le bheith Scríofa Le bheith Eisithe
7 Aisling Earraigh A Dream of Spring Le bheith Scríofa Le bheith Eisithe

Séanra na Sraithe[athraigh | edit source]

Creideann George R. R. Martin gurb iad na tionchair is troma iad na cinn a bhraithear i gcéim na hóige. I ndiaigh dó H. P. Lovecraft, Robert E. Howard, J. R. R. Tolkien, Robert A. Heinlein, Eric Frank Russell, Andre Norton, Isaac Asimov, Fritz Leiber, agus Mervyn Peake a léamh ina óige, níor chatagóirigh Martin litríocht na n-údar ar fad seo riamh i bhficsean eolaíochta, fantasaíocht nó uafás agus scríobhfaidh sé as aon shéanra dá bharr. D'aicmigh Martin Fonn Oighir agus Tine mar "fantaisíocht eipiciúil" agus d'ainmnigh sé Tolkien agus Tad Williams ach go háirithe mar údair a bhí tionchair acu ar scríobhnóireacht na sraithe. 'Sé Jack Vance an t-údar comhaimseartha is fearr leis, áfach ní dóigh leis gur stíl Vanceach é a shraith. Bhíodh an suíomh meánaoiseach an cúlra traidisiúnta d'fhantaisíocht eipiciúil fiú roimh Tolkien, ach gabhann a chuid scíobhnóireachta an séanra fós. Áfach, roimh tosú le sraith Fonn Oighir agus Tine, bhraith Martin go raibh an-chuid is mó d'aithriseoirí Tolkien ag scríobh "Meánaois Chríche Disney"- is é sin fantaisíocht nach ndéanann tagairt don fíor-bhrúidiúlacht a bhí i réim sa ré sin. Ba chosúil do Mhartin go raibh an fantaisíocht stairiúil níos ghreanaí agus réadúil, agus bhí sé tógtha le féidearthachtaí drámatúla na gcodarsnachtaí mheánaoiseacha, ar nós an niachas comh-mharachtáil le briúidiúlacht chogaidh, agus caisleáin meaingléiseacha le botháin mórthimpeall. Áfach, nuair a bhfágann fantaisíocht stairiúil léitheoirí leis an toradh deiridh stairiúil ar eolas acu, d'fhéadfadh do charachtair teannas agus ionbhá a mhéadú dos na léitheoirí. Mar sin, theastaigh uaidh Martin réadúlacht na fantasaíochta stairiúla agus mealltacht dhraíochta na sár-fhantaisíochtaí a fhigh le chéile, ag smachtú draíocht i bhfábhar cathanna agus caimiléireacht pholaitíochta. Breactar go minic Martin chun sochair do leathnú na séanra fantaisíochta/fisceana d'inneachar aosaigh.

An tIarchríoch[athraigh | edit source]

Na Clainne Cheannasacha ar an Iarchríoch

Tá an chuid is mó d'Fhonn Oighir agus Tine suite ar an Iarchríoch- illchríoch den méid céanna le Meiriceá Theas. Tá an mór-roinn roinnte i ndá pháirt- an tuaisceart agus an deisceart. I bhfad ó thuaidh a suíonn an Balla- balla ollmhór oighir a shiombalaíonn deireadh an domhain sibhialaithe agus athnaid. Thug Balla Haidrian in Albain inspiorad do Mhartin an Balla a chruthú. Glaonn na daoine ó dheas ón Bhalla Dúiche an Síor-Gheimhridh ar na críche lastall den teorann oighir, a fhanann reoite an t-am go léir mar thoradh dá aeráid fíor-fhuar. Cónaíonn an tAos Fiáin sna tíortha úd- fir agus mná fíochmhara nach leanann rí nó clann ríoga. Spreag Ceiltigh agus Cruithnigh na hAlban i gcomparáid leis na Rómhánaigh sibhialaithe an tAos Fiáin seo. Cónaíonn mamait, béir agus scáthchait lastall freisin. Chomh maith leis an Aos Fiáin, deirtear i bhfínscéalta na deiscirte go bhfuil aos ársa eile ag marachtáil sna dúichí oighreacha- an tAos Alltair. Deirtear gur chónaigh siad na cianta ó shin, ach go ndeachaidís ina gcoladh. I bhFonn Oighir agus Tine, bíonn páirt ag an Aos seo sa phríomh-phlota. Tá an chuid eile den Iarchríoch ó dheas den Bhalla faoi riail Rí Uilechumhachtach amháin a suíonn ar an Ríchathaoir Iarainn sa chathair mór dárbh ainm Ríthurlaingt. Glaotar an Seacht Ríocht ar na dúiche seo go léir (cé go bhfuil siad roinnte suas i naoi ríocht). Is iad seo na ríochtaí, na clainne ríoga/ceannasacha agus a bpríomhchathracha:

Ainm na Ríochta Príomhchathair Clann Cheannasach
An Tuaisceart Geamhsceird Na Staircigh
Na hOileáin Iarainn Paidhc Na Liatheatalaigh
Dúichí na nAibhneacha Reathabha Na Tollaígh
Gleanntán na nAiríneach Nead an Iolair Na hAirínigh
Na Dúichí Iartharacha Cloch Chastarlaíoch Na Lannastairigh
Dúichí na Corónach Ríthurlaingt Na Baraiteonaigh/Lannastairigh*
Dúiche na Stoirme Críochanfa Na Baraiteonaigh
An Réim Ardgharraí Na Tíreilligh
Doirn Griainshleá Na Mairteilligh
  • Nóta: 'Sé Ríthurlaingt príomhchathair na Seacht Ríochta, agus braitheann an clann ríoga ar an Rí, a chlann, agus ar an mBanríon agus a clann. I dtosach na scéala, 'sé Roibeard Baraiteon Rí na Seacht Ríochta, agus 'sí Circé Lannastair a bhean chéile.


Léarscáil gaelaithe den Iarchríoch nó Westeros. Tá leagan ginearálta na hillchríche bunaithe ar an mBreatain, leis an tuaisceart (ó thuaidh den Muinéal) bunaithe ar Albain. Tá an deisceart an-chosúil le Oileán na hÉireann nuair a chastar bun-os-cionn í.
Armas na clainne cheannasaí Stairc
Armas na clainne cheannasaí Liatheatal
Armas na clainne cheannasaí Tollaí
Armas na clainne cheannasaí Airín
Armas na clainne cheannasaí Lannastair
Armas Séafra Mhic Roibeaird- Meascán d'armais na Lannastaireach agus na mBaraiteonach.
Armas Stannás ó Chloch an Dragain- deartháir óg an Rí
Armas na clainne cheannasaí Baraiteon
Armas na clainne cheannasaí Tíreill
Armas na clainne cheannasaí Mairteill


An Tuaisceart[athraigh | edit source]

Mar cheantar, is réigiún fuar, creagach é an ríocht ainmnithe An Tuaisceart. Tá sé scartha ón chuid eile den Seacht Ríocht ag an Muinéal- droichid talúin tanaí ag ceangailt é agus an Deisceart, áit a suíonn Muintir Frae sa chaisleán "An Cúpla". Nuair a thagann an Gheimhreadh, reoann an tuaisceart go mór, mar tuaisceart an Iorua ar Domhan. Caitheann muintir an Tuaiscirt fionnaidh troma chun an fuacht a choimeád astu fiú le linn an tSamhraidh.

'Siad na Staircigh (House Stark as Béarla) rialathóirí an Tuaiscirt i bhFonn Oighir agus Tine. Tá a gcathaoir rialaithe i nGeamhsceird (nó Winterfell as Béarla). 'Sé an criún a gcomhartha, agus feictear criún liath ag rith i bpáirc bhán ar a suaitheantas. 'Sé "Tá an Geimhreadh ag Teacht" mana na clainne, agus is minic a dhéanann Staircigh tagairt dó nuair a labhraíonn siad faoi chruatain ag teacht rompu. Is cosúil ó thús na sraithe gurb iad na "daoine maithe" agus "laochra" na scéala. Rialaíodh Muintir Stairc an tuaisceart ó Gheamhsceird ar feadh na cianta, agus i lusca faoin daingean a chuirtear na tiarnaí agus a gclainne go léir- a riochtanna snoíte i ndeilbh ionas go mbeidh na glúinte sa todhchaí in ann cuimhniú siar orthu agus meas a thabhairt dóibh. 'Sé Eideard Stairc- Tiarna an Tuaiscirt, Cosantóir an Tuaidh- ceann na clainne i dtús Fonn Oighir agus Tine, agus bíonn sé agus a chlann an-pháirteach i bpríomh-phlota na núrscéalta. Is clann ealga iad na Staircigh, agus guíonn siad dos na Seandéithe- déithe gan riocht nó ainmneacha (mar spioraid), a féidir labhairt leo trí "Chroíchrann" nó Weirwood mar a thugtar air as Béarla. Is crann mór é seo, le coirt bhán agus duilleoga flanndheirg, le aghaidh snoíte air. Faightear iad i gCoillte na nDéithe (Godswoods as Béarla). Tá Coill na nDéithe i nGeamhsceird, áfach níos faide ó dheas scriosadh iad i bhfábhar na Déithe Nua- an Seachtar.

Na hOileáin Iarainn[athraigh | edit source]

Is réimse oileán in iarthar na hIarchríche iad na hOileáin Iarainn. 'Siad na Liatheatalaigh (House Greyjoy as Béarla) rialathóirí na nOileán Iarainn. Rialaíonn siad ón gcathair Paidhc (Pyke as Béarla), agus is sár-loingseoirí iad. Is máthair shúigh mhór í sigil na clainne (feictear ceann óir ar ghort dubh ar a suaitheantas) agus 'sé "Ní Shíolaimid" a mana. Tá siad bunaithe go garbh ar Lochlannaigh. Is muintir fhuar agus chrua iad- creideann siad i nDia darbh ainm an "Dia Báite", a éilíonn orthu daoine a íobairt dó trí iad a bhá. I dtosach Fonn Oighir agus Tine, tá Taeón Liatheatal mar choimircí faoi gceannas na Staircigh i nGeamhsceird.

Dúichí na nAibhneacha[athraigh | edit source]

Cé nach aicmítear Dúichí na nAibhneacha mar ríocht sna Seacht Ríocht, clúdaíonn siad cuid mór de lár na hIarchríche, ag bualadh teoranna leis an Tuaiscirt, le Gleanntán na nAirínigh, leis na Dúichí Iartharacha, leis an Réim agus le Dúichí na Corónach. Is ceantar lán le haibhneacha é, agus mar sin, talamh torthúil agus rathúil atá ann. Úsáidtear na haibhneacha mar modhanna cosainte sna caisleáin (msh. i Reathabha agus sna Cúpla). Is i nDúihcí na nAibhneacha a bhuaileann trí phríomhaibhneacha san Iarchríoch le chéile- an Chumarladhar Dhearg, an Chumarladhar Uaine agus an Chumarladhar Ghorm- ainmnithe an Triarach. Freisin, tá an cathair is mó san Iarchríoch ar fad i nDúichí na nAibhneacha- Hearránhalla (Harrenhall as Béarla), atá suite cois na locha ainmnithe "Rosc na nDéithe". 'Siad na Tollaígh (House Tully as Béarla) railathóirí Dhúichí na nAibhneacha. Tá a gcathair rialaithe i Reathabha (Riverrun as Béarla), dúnfort suite ar pointe bualadh na Cumarladhair Dhearg agus Abhainn na Cloiche Rothlamaigh. Is iasc ar chúlra dearg agus gorm é sigil na clainne, agus 'sé "Clann, Dualgas, Oineach" mana na clainne. 'Sí an príomhcharachtar Cailín Stairc (née Tollaí) bean chéile Eideard Stairc ó Gheamhsceird agus iníon Hostair Tollaí- Tiarna Dhúichí na nAibhneacha.

Gleanntán na nAirínigh[athraigh | edit source]

Is dúiche creagach, andairneach é Gleanntán na nAirínigh, atá suite in oirthear na hIarchríche. 'Siad na hAirínigh (House Arryn as Béarla) rialathóirí an réigiúin don chuid is mó, áfach sna Sléibhte Gealaí cónaíonn treibheanna fíochmhara a chuireann líocháin roimh taiscéalaithe ann, ag goid a n-uirlisí agus mná. Éin agus Gealach ar ghort gorm a faightear ar shuaitheantas Mhuintir Airín, agus 'sé "Chomh hArd le hOnóir" mana na clainne. Cónaíonn na Airínigh i ndúnfort ainmnithe an Nead Iolair (The Eyrie as Béarla), lonnaithe i lár na Sléibhte Gealaí, suite go hard ar bheann sléibhe. Tugtar an leasainm "an Daingean Dothreáite" air mar go bhfuil sé beagnach dodhéanta é a smachtú le fórsa. I dtosach na scéala, insítear don léitheoir go bhfuil Eoin Airín- ceann na clainne agus Tiarna Ghleanntán na nAirínigh- tar éis bás a fháil, agus go bhfuil a theideal tar éis titim dá ghasúr óg, a shúann bainne fós óna Mháthair. 'Sí Liosa Airín (née Tollaí) deifriúr Chaitlín Stairc agus iar-bhean chéile Eoin.

Na Dúichí Iartharacha[athraigh | edit source]

Ceantar in iarthar na hIarchríche atá ann, rialaithe ag an gclann cheannasach Lannastair (House Lannister as Béarla). Is leon é sigil na clainne, agus 'sé "Éist liom Béiceadh" a mana. Tá cáil ar an gclann dá bhflúirse óir, agus dá ngealltanas fiachais a aisíoc. Faigheann siad a n-óir ó réimse mianach sa cheantar. I dtosach an tsága, 'sé Tíbhín Lannastair ceann na clainne, agus tá trí pháiste aige: Circé Baraiteon (Banríon na Seacht Ríochtaí), Séamaisín Lannastair (an "Rímharfóir", ball de "Gharda an Rí") agus Tíreoin Lannastair (abhac, leis an leasainm "an Luarcháin"). Ó thús na scéala, bíonn teannas le feiceáil eatarthu agus na Staircigh ó thuaidh. Tá suíochán na Lannastairigh sa dhúnfort Cloch Chastarlaíoch (Casterly Rock mar leagan bunaigh), áfach 'sé Cuan na Lannastairigh an cathair is mó sna Dúichí Iartharacha. Suíonn Cloch Chastarlaíoch ar tuaisceart an bhá ina bhfuil Cuan na Lannastairigh lonnaithe; ag faire síos ar na gnáthdaoine.

Dúichí na Corónach[athraigh | edit source]

Glaotar Dúichí na Corónach ar na ceantair máguaird timpeall príomhchathair na Seacht Ríochta Ríthurlaingt (King's Landing as Béarla). Sa Daingean Dearg (mór-chaisleán sa chathair) a suíonn Rí na Seacht Ríochta ar an Ríchathaoir Iarainn- cathaoir ríoga déanta as claimhte éagsúla a bhruithnigh an Ríshliocht Tairgéirian le chéile. Tá bábhún ollmhór timpeall an chaisleáin, le seacht ngeata, agus ardeaglais mór, ainmnithe Fine Bhaelor (Sept of Baelor), atá tiomnaithe d'onóir na nDéithe Nua (An Seachtar). Ó dheas ó Ríthurlaingt atá Coill an Rí, áit a dhéanann na huaisle agus an Rí a gcuid sealgaireachta. Ag tús na scéala, 'sé Roibeard Baraiteon Rí an Seacht Ríocht, agus 'sí Circé Lannastair a bhean chéile. Tá trí pháiste acu- Séafra Baraiteon (oidhre an ríchathaoir), Marcaisín Baraiteon agus Tommán Baraiteon. Freisin i nDúichí na Corónach a suíonn daingean mór eile, Cloch an Dragain (Dragonstone), ar oileán as chósta oirthireach na mór-rinne. Bhíodh sé mar dhaingean an Ríshliocht Tairgéirian roimh teacht Roibeard, ach bronnadh do dheartháir an Rí ansin é; Stannás Baraiteon.

Dúiche na Stoirme[athraigh | edit source]

Tugtar an t-ainm Dúiche na Stoirme ar réigiún sách bheag in oir-dheisceart na hIarchríche. Is croí cumhachta na mBaraiteonach (House Baratheon as Béarla) é, áit a suíonn siad i ndaingean mór dárbh ainm Críochanfa (Storm's End as Béarla). Is Carria corónta ag éirí ar na cosa deirigh i ngort óir é sigil na clainne, agus "Is linne an Cuthach" a mana. Glaotar dúiche na stoirme ar an áit mar is minic d'anfa bualadh isteach ar an gcósta. Deirtear go bhfuil Críochanfa stoirm-dhíonach mar gheall go bhfuil imbhalla fíor-thuibh aici.

An Réim[athraigh | edit source]

Is é an Réim an dara ríocht is mo sna Seacht Ríocht (i ndiaidh Ríocht na Stairceach), lonnaithe in iar-dheisceart na hIarchríche. Ceantar torthúil, te atá ann- áit a fhástar a lán torthaí/glasraí. 'Siad na Tíreilligh (House Tyrell) rialathóirí na Réime. Bláth buí ar ghort glas atá mar shigil na clainne, agus 'sé "Ag Fás le Neart" mana na clainne. Chun 'cairdeas' agus a gclú a choimeád leis an Rí, seolann siad bia do Ríthurlaingt le linn gorta nó galair.

Doirn[athraigh | edit source]

'Sé Doirn an ríocht is deisceartaí san Iarchríoch, clúdaithe i dtalamh fásaigh, cosúil le tíortha na Meánmhara.