Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fhondúireacht reachtúil náisiúnta chun deontais a bhronnadh ar thaighde eolaíochta is innealtóireachta is ea Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI i mBéarla). Bronnann sí deontais ar bhonn iomaíoch do thaighdeoirí acadúla is foirne taighde a léiríonn cumas is dóchúlacht go nginfidh siad eolas nua, teicneolaíochtaí nuálacha, agus fiontair iomaíocha sa bhiteicneolaíocht, an teicneolaíocht faisnéise is teileachumarsáide, agus na teicneolaíochtaí fuinnimh inmharthana is teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinnimh.