Foltfholcadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Buidéal foltfholcadh

Is leacht cúránach é foltfholcadh a bhaintear feidhm as chun salachar, olaí, sail chnis, bolaithe bréana agus ábhair salaithe eile a loiteann an ghruaig a bhaint di. Díoltar i mbuidéil nó i bpróca é agus bíonn boladh breá air. Cuimlíonn daoine an foltfholcadh ina g(h)ruaig uair nó dhó chun í a ní i gceart. Sruthlaítear amach an foltfholcadh le uisce. Tá foltfholcthaí éagsúla ann do dhaoine éagsúla agus gruaig éagsúla. Tá foltfholcadh lag ann do leanaí. Tá foltfholcthaí ann do ghruaig thirim nó úscach.

Cuirtear feabhas ar an ngruaig ina dhiaidh sin trí fheabhsaitheoir a chuimilt sa ghruaig. Déanann sé seo an ghruaig bog agus furasta chun í a chíoradh.