Foirnéis stua leictrigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Foirnéis stua leictrigh

Foirnéis leictreach a úsáidtear i ndéanamh cruach. Cruthaítear teocht an-ard sa stua, an díluchtú idir an dá leictreoid, agus an sruth ag dul tríd an ábhar a ghalaítear ó na leictreoidí. Sa bhunphróiseas a cheap Karl Siemens i 1870, cruthaíodh an stua faoin soitheach leáite chun an miotal a théamh go hindíreach. Níos déanaí cheap an miotaleolaí Francach Paul Heroult (1863-1914) foirm ina ndéantar an stua idir leictreoid is an miotal féin. I bhfoirm eile fós, a cheap an miotaleolaí Iodálach Enrico Stassano, gintear an stua idir leictreoidí os cionn an mhiotail agus téitear an miotal trí radaíocht teasa ón stua.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foirnéis stua leictrigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 279.