Foirnéis soinneáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirnéis a úsáidtear chun mianach iarainn a dhí-ocsaídiú go hiarann. Luchtaítear an fhoirnéis ard le mianach, cóc is aolchloch (a fheidhmíonn mar fhlosc chun an tsilice a bhaint as an miotal nuair a bhíonn sé leáite). Bíonn an fhoirnéis líneáilte le hábhair mhianracha theasfhulangacha, cosúil le cré thine, agus neartaítear dó an chóic le soinneán aeir réamhthéite. Ag an teocht atá ginte ag na himoibrithe éagsúla a tharlaíonn sa bhfoirnéis, dí-ocsaídítear an mianach iarainn go hiarann, agus ritheann an t-iarann leáite go bun na foirnéise, áit a dtarraingítear an t-iarann amach chun é a reo mar mhuciarann nó a iompar go díreach, leáite fós, chuig mhonarcha chun cruach a dhéanamh as. Cuimsíonn an t-iarann seo tiúchan ard carbóin, agus is bunábhar é do chruach nó próisis na teilgcheártan. Sa chóras iomlán, bíonn struchtúir chun an t-aer a théamh don soinneán agus feidhm a bhaint as gáis indóite na foirnéise. De réir na dtaifead, tógadh an chéad fhoirnéis soinneáin sa tSín i 18 RC.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foirnéis soinneáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 279.