Foinsí voltais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

De réir dlí Ohm, ní mór foinse voltais a bheith ar fáil chun sruth leictreach a bhrú trí fhriotaíocht seoltóra ar bith. Is é sainmhíniú an voltais ná an méid oibre i ngiúil a dhéanann an fhoinse (nó an méid fuinnimh a sholáthraíonn sí) chun cúlóm amháin luchta a aistriú ó theirminéal amháin go teirminéal eile. I bhfoinse mar seo, bíonn córas nó próiseas éigin chun an fuinneamh seo a fháil trí fhuinneamh de shaghas éigin eile a athrú ina fhuinneamh leictreach. I dteirmeachúpla, mar shampla, tagann an fuinneamh seo ó theas. Foinse voltais an-áisiúil is ea an chill leictreach, an chill voltach nó cheimiceach den saghas ina soláthraítear an voltas ó imoibrithe ceimiceacha. Foinse voltais srutha ailtéarnaigh (SA) is ea an dineamó a úsáidtear ar rothair, mar shampla, agus i gcórais ollmhóra leictreacha ag comhlachtaí soláthair, a athraíonn fuinneamh cinéiteach meicniúil rothlaithe chuig fuinneamh leictreach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foinsí voltais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 278.