Fliúit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilFliúit
Cineáluirlis feaga agus gaothuirlisí adhmaid
Aicmiú Hornbostel-Sachs421
Raon seinm

Sampla fuaime

Gairm ealaíontafliúiteadóir

Gléas ceoil ina ngníomhaíonn an seinnteoir colún aeir trí shéideadh trasna poll béil nó (mar a dhéantar le fliúit Shasanach) trí phíobán i gcoinne ciumhaise géire. Roinntear na fliúiteanna in dhá rang: iad sin a shéidtear trasna orthu, agus iad sin a shéidtear tríd an gceann. Sa ghnáthchaint, ciallaíonn fliúit an gléas ceolchoirme a shéidtear trasna air. Thugtaí an fhliúit Ghearmánach uirthi go dtí timpeall 1900. Bíonn sí déanta as adhmad nó, níos minice anois, miotal, i 3 theascán siúntaithe, le 13 thonpholl agus córas casta gléasanna a ligeann an compás crómatach iomlán de 3 ochtach ó C meánach suas. Fuaimníonn an fhliúiteog, atá níos lú, ag ochtach níos airde.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fliúit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.