Fliú capaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ionfhabhtaíoch capall a fhaightear i stáblaí rásaíochta agus áiteanna eile a mbíonn capaill. Bíonn roinnt víreas i gceist atá cosúil le fliú de chineál A i ndaoine, ach scoite uaidh. Is é an siomtóm is measa a fheictear ná casacht thirim mharthanach le roinnt fiabhrais. Le cóireáil chuí, tagann an capall chuige féin tar éis 7-21 lá, den chuid is mó. Tugann vacsaíní cosaint ghearrthéarmach ina choinne.