Fleascán Dewar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fleascán Dewar sa Deutsches Museum i Muenchen

Buidéal, inslithe nó teasdíonta ón soitheach ina bhfuil sé, agus dhá bhalla le folús sa log eatarthu, a bhfuil dromchla mín scáthánach ar thaobhanna na mballaí os comhair a chéile. Laghdaíonn na scátháin radaíocht teasa isteach nó amach, cuireann an folús cosc ar sheoladh is comhiompar teasa, agus feidhmíonn an teasdíonadh chun aon seoladh teasa isteach nó amach a laghdú freisin. Cheap James Dewar é chun taighde ar gháis leachtaithe a dhéanamh. Ina dhiaidh sin forbraíodh é le haghaidh úsáidí tionsclaíocha is baile. Tugtar folúsfhleascán air freisin, agus teirmeas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fleascán Dewar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.