Fithis dhomhanda gheoisioncrónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Satailít ag déanamh fithis gheoisioncrónach timpeall an Domhain

Is é is fithis dhomhanda gheoisioncrónach ann ná fithis spásárthaigh timpeall lárlíne an Domhain, mar a mbíonn tréimhse na fithise oiriúnaithe leis an lá domhanda, ionas go mbíonn an chuma air go bhfuil an spásárthach fosaithe ag an domhanleithead sin. Bíonn an fhithis suas le 36,000 km in airde. Is áisiúil an fhithis seo i gcomhair satailítí teileachumarsáide, de bhrí go ligeann sí don spásárthach a bheith i dteagmháil líneach leanúnach le stáisiúin ar leith ar an talamh. Is idéalach do shatailítí meitéareolaíochta í freisin, mar gur féidir leo réimse an-leathan dromchla is atmasféir a chlúdach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fithis dhomhanda gheoisioncrónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.