Fisic dromchlaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar airíonna leictreonacha is struchtúrtha dromchlaí ábhar, is é sin an ciseal seachtrach adamh iontu. Tá na hairíonna dromchlacha tábhachtach i gcuid mhaith réimsí, mar shampla, i gcatalú, creimeadh, astú leictreon ó dhromchlaí, na hairíonna optúla, agus i bhfrithchuimilt. Is tábhachtach freisin na cisil dhromchlacha a chruthaítear idir dhá sholad, mar shampla i bhfeistí leathsheoltóra. Déantar iniúchadh ar fhisic na ndromchlaí le díraonadh leictreon, micreascópacht fórsa adamhaigh, agus micreascópacht réimse-ianaíoch.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic dromchlaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 273.