Fiabhras seoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fiabhras os cionn 38 °C sa choicís díreach tar éis breithe. Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ionfhabhtú sa chonair ghiniúnach, an chonair úiríneach, nó an chíoch. Lá den saol, b'aimhréidh throm a bhain le saolú linbh é, nuair a thugtaí ionfhabhtú isteach sa chonair ghiniúnach ar lámh an dochtúra nó an bhean chabhartha. Inniu, is annamh a tharlaíonn bás máthar dá bharr.