Fiabhras bainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Suaitheadh meitibileachta sa bhó mar thoradh ar easpa cailciam i ndiaidh breith lao. Is ainm mí-oiriúnach é fiabhras mar nach dtarlaíonn ardú i dteocht na colainne de ghnáth. Tarlaíonn creatháin mhatánacha is laige ginearálta, ansin tnáitheadh, páirtphairilis, agus uaireanta baol damáiste don chroí. Is maith an leigheas dáileoga tuaslagán cailciam sa chuid is mó de na cásanna. Is gá go bhfeicfidh tréadlia an t-ainmhí chun an diagnóis cheart a dhéanamh is aimhréidh a sheachaint.