Feinilcéatónúire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord tearc dúchasach de thoradh ar éalang i meitibileacht feiniolalainín (aimínaigéad a bhíonn i gcuid mhaith próitéiní). Carnann an feiniolalainín sa cholainn, agus is féidir go gcuirfidh sin tús le heasnamh meabhrach. Is féidir é a bhrath go luath sa naíonacht le tástáil scagtha ar an bhfual, agus má chloíonn an páiste le cothú gan blúire ar bith feiniolalainín ann, fásann sé breá normálta.