Feileonacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma dlí é feileonacht a thagraíonn do choireanna tromchúiseacha. Ní téarma oifigiúil i ndlí na hÉireann é a thuilleadh. Is é an téarma a úsáidtear inniu ná tromchion (mar a deirtear san Acht um Bhannaí ón mbliain 1997) agus cion inghabhála (mar a deirtear san Acht um Dhlí Choiriúil ón mbliain 1997). De réir na n-achtanna seo, is ionann mar rud é an tromchion agus an cion inghabhála - is é sin, cion a ngearrtar príosúnacht cúig bliana nó níos faide don duine a rinne é. Sa ghnáthchaint, is féidir an dá choincheap sin a chur in iúl leis an seantéarma sin "feileonacht", cé nach n-úsáidtear i leabhar na reacht é.

Má chuirtear an dlí ar an duine toisc go bhfuil sé faoi amhras feileonachta (tromchiona), nó má chreidtear go bhféadfadh sé tuilleadh feileonachtaí (tromchionta) a dhéanamh dá dtabharfaí cead a chos dó, is féidir leis an gcúirt bannaí a dhiúltú, de réir an Achta um Bhannaí.

Má chreidtear ar chúiseanna réasúnacha go bhfuil feileonacht (cion inghabhála) déanta ag an duine, féadfaidh na Gardaí é a ghabháil gan bharántas gabhála agus a choinneáil faoi ghabháil i stáisiún na nGardaí ar feadh dhá uair déag, le go gcuirfear ceastóireacht air.

An cion nach bhfuil chomh tromchúiseach leis an bhfeileonacht, tugtar oilghníomh (neamh-thromchion, cion neamh-inghabhála) air.