Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2005
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
UachtaránachtCiarán Devane Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe67,145 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtAn Roinn Sláinte Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán18,070 M€ (2019) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhse.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: HSElive Twitter: hselive Instagram: hse_mychild GitHub: HSEIreland Cuir in eagar ar Wikidata
Tá Ceannáras Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lonnaithe in Ospidéal an Dr Steevens

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) (nó Health Service Executive agus HSE) an eagraíocht atá freagrach as cúram sláinte a chur ar fáil in Éirinn. Tá freagracht ag an Aire Sláinte as an bhFeidhmeannacht sa rialtas.

Eagraíocht agus Maoiniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo

Tá an eagraíocht maoinithe as an státchiste. Bhí buiséad bliantúil €103 billiún ag an FSS sa bhliain 2015[1], níos mó ná aon eagraíocht stát eile. Bhí buiséad bliantúil €13 billiún ag an FSS sa bhliain 2005.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an fostóir is mó in Éirinn le breis is 103,000 daoine fostaithe acu go díreach sa bhliain 2015. Is í an tseirbhís sláinte an fostóir is mó sa stát agus 120,000 ball pearsanra, nó 103,884 coibhéis lánaimseartha fostaithe inti ag deireadh mhí na Nollag 2015. Sin ardú móriomlán de 4.6% nó 4,557 CL sa bhliain i gcomparáid le ardú de 2,332 CL sa tréimhse chéanna in 2014. Tá an t-ardú sin tiomanta ag an aistriú ó fhoireann ghníomhaireachta go dtí CLanna.

As na 103,884 CL sa bhliain 2015: • Bhí 63.8% (66,278) fostaithe leis an FSS • Bhí 22.5% (23,374) san earnáil dheonach ospidéil, agus • Bhí 13.7% (14,232) san earnáil dheonach neamhghéar.

Tháinig ardú de 4.6% ar líon na mball foirne a bhí fostaithe ar fud na gcatagóirí foirne go léir agus 61% den ardú sin (2,797 CL) laistigh de sheirbhísí na n-ospidéal géarmhíochaine. Seo a leanas mar a léirítear an t-ardú sna leibhéil fostaíochta sa bhliain 2015: • 5.9% i míochaine/fiaclóireacht • 2.4% in altranas • 6.9% i ngairmithe sláinte agus cúram sóisialta • 6.9% i mbainistíocht/riarachán • 0.8% san fhoireann ghinearálta tacaíochta • 6.3% i gcúram othar.

Tá ceanncheathrú an FSS lonnaithe in Ospidéal Dr Steevens', BÁC 8, Éire. Is í an roinn rialtais atá bainteach leis an FSS go príomha ná an Roinn Sláinte.


Comhartha de chuid an Fheidhmeannacht i mBaile Munna

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Fheidhmeannacht curtha ar bun ag Acht Sláinte 2004 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an gcéad lá Eanáir 2005. Tháinig sé i gcomharbacht ar na Bord Sláinte agus roinnt eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]