Feidhmeanna léasar sa mhíochaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá feidhmeanna léasar á bhforbairt an t-am ar fad sa mhíochaine. Úsáidtear léasair chun reitine scartha a phonctháthú ar ais sa tsúil, cur fola taobh istigh den cholainn a stopadh, agus siadaí mínormálta áirithe a leachtú nó a ghalú. Tá obráidí le léasar eximer bíogtha, a ghineann níos mó solais ultraivialait ná teasa, in úsáid chun coirne na súile a ghearradh is a mhúnlú chun aistiogmatacht, fadradharc is gearr-radharc a cheartú. Tá aingeaplaiste á saothrú, ina mbaintear feidhm as léasar beag sa chataidéar chomh maith leis an mbalún: úsáidtear an chumhacht radaíochta ón léasar chun an phlaic artairiscléaróise a leachtú, agus séidtear an balún chun aon fhuílleach a bhrú ar feadh na mballaí san artaire.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feidhmeanna léasar sa mhíochaine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.