Fearmón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is fearmón ann ná cáithnín fo-adamhach go bhfuil guairne leath-shlánuimhreach (i.e. 1/2, 3/2, 5/2 srl) aige. Cloíonn fearmóin le prionsabal an eisiaimh, a deir nach féidir le dhá fhearmón bheith in aon staid chandamach amháin ag an am céanna. Tugtar bósón ar cháithnín le guairne shlánuimhreach, agus i gcodarsnacht leis na fearmóin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.

Cé gur minicí a úsáidtear an téarma fearmón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar fearmón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne leath-slánuimhreach aige.

Maidir le bhuncháithníní fo-adamhacha, tá dhá shórt d'fhearmóin ann: cuarcanna, go bhfuil lucht datha acu agus mar sin glacann páirt in idirghníomhachtaí láidre, agus leaptóin, nach mbraitheann an fórsa láidir núicléach.