Fearghus Mac Róich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht na hÉireann, is é Fearghus Mac Róich (nó mac Róeg) iar-rí ar Chúige Uladh le linn na Rúraíochta, an tsraith scéalaíochta Uladh. Bhuail Neasa bob air chun fáil réidh leis mar rí agus a mac Conchúr Mac Neasa a chur ina áit. Is é Fergus Foga ná ainm eile ar Fergus Mac Róich, dar le T. F. O'Rahilly. D'fhéadfadh gurb é Fergus mac Léti leagan eile dó freisin.

Nuair a theith Deirdre agus Naoise ó Chonchúr go hAlbain (theastaigh Chonchúr Deirdre a phósadh), seoladh Fearghus chun iad a thabhairt abhaile go sábháilte. Mharaigh fir Chonchúir Naoise agus a dheartháireacha, agus phós sé Deirdre in aghaidh a tola. Bhí Fearghus ar buile faoin mí-ionraiceas seo agus chuaigh sé lena lucht leanúna go Connacht. Ghlac Ailill agus Méadh leo agus bhí Fearghus agus Méadh mar leannáin ó shin amach. Throid Fergus agus a fhir ar son Connachta i gcoinne Cúige Uladh agus Cú Chulainn (a mhac altrama) sa Táin Bó Cúailgne.

Phós Fearghus bandia-fianna, Flidias agus bhí clú air mar gheall ar a ghnéasúlacht. Bhí an claíomh finscéalaíoch Caladbolg ina sheilbh aige a d'úsáid sé chun barra 3 chnoic a bhaint uair amháin. Maraíodh é ar ordú Ailill mar gheall ar a chaidreamh le Méadh.

Tá páirt ag mac Fearghuis, Fiachra Cáech, i roinnt scéalta. Maraítear é agus é ag déanamh iarracht ar shaol Naoise a shábháil.

Téacsanna[athraigh | edit source]