Fear gortach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFear gortach

Is é is brí le fear gortach ná ocras a thagann ort i dtoibinne. De réir dealraimh, is éard a bhí i gceist leis an leagan cainte seo ná féar gortach, is é sin, lus éigin a chuirfeadh ocras ar an duine dá mblaisfeadh sé de. Rinneadh "fear gortach" de i mbéal na ndaoine, áfach, agus is é an chiall a baineadh as ansin ná gur ionchollú ar an ocras a bhí i gceist leis an "bhfear gortach", cineál "fear" dofheicthe a thagann ort agus a chuireann ocras ort.[1]

Is féidir go bhfuil baint ag an ngné seo den bhéaloidis seo le daoine ar bhuail taom lagachair iad agus ocras orthu. D'fhéadfadh a leithéid tarlú dá mbeadh an leibhéal siúcra san fhuil íseal agus galair éagsúla i gceist, diabetes mellitus mar shampla. Leigheas ar an bhfear gortach ná greimín beag bídh agus bheadh réiteach den chineál sin ag teacht leis an rud a leigheasódh taom lagachair dá mba leibhéal íseal siúcra nó ceann de na galair sin ba chúis leis. One bite of oat-bread is sufficient to banish the hunger. https://www.duchas.ie/en/cbes/4493707/4413031/4528758?ChapterID=4493707

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Harvey, Steenie. Twilight places: Ireland's enduring fairy lore Curtha i gcartlann 2011-07-17 ar an Wayback Machine. World and I, March 1998, v13 n3 (en)
  • SEANCHAS ANNIE BHÁN - The Lore of Annie Bhán. Gordon W. MacLennan. The Seanchas Annie Bhán Publication Committee 1997. Lch. 68-69.