Feadán Venturi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fearas chun ráta sreafa sreabháin (an toirt sreafa in aghaidh an tsoicind) i bhfeadán a thomhas. Déantar caolú slim sa bhfeadán, agus tomhaistear an difríocht brú sa bhfeadán idir pointe roimh an gcaolú (thuas an sreabhadh) is pointe an chaolaithe. Is tomhas ar a ráta sreafa an difríocht brú seo, agus is féidir í a chailibriú ina m3 s-1. Ainmnithe as Giovanni Battista Venturi (1746-1822). Baintear feidhm as i gcarbradóir inneall dócháin inmheánaigh agus ar eitleáin chun a luas a thomhas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán Venturi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 697.