Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 (CND i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi. Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na mairseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí. Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas. D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í.