Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lainseáladh an Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc (ICBL) i 1991. Meastar go bhfuil níos mó ná 100 milliún mianach mar seo suncáilte thar fhairsingí leathana den Domhan mar iarmhair de chogaí searbha i Vítneam, Laos, an Chambóid, an Angóil, an iar-Iugslaiv, agus réigiúin leathana den Afraic. Maraítear nó gortaítear go dona suas le 20,000 duine ag na mianaigh seo gach bliain, páistí den chuid is mó. Bíonn ar fheirmeoirí an talamh a ghlanadh de mhianaigh chun gur féidir í a shaothrú arís, obair fhíorbhaolach. Coiste stiúrtha ó 16 eagraíocht atá ag an bhfeachtas, a chomhordaíonn obair 1,300 eagraíocht i 75 tír. Cabhraíonn sé le glanadh mianach agus soláthar míochaine d'íobartaigh. Bhuaigh an feachtas, lena chomhordaitheoir Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997. Shínigh 133 tír conradh, is d'aontaigh 58 tír eile leis, chun cosc a chur ar úsáid, táirgeadh, stóráil nó iompar na mianach seo, agus rinneadh dlí idirnáisinta de i 1999.