Favela (leabhar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Favela (Leabhar))
WD Bosca Sonraí LeabharFavela
Cineálleabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAlex Hijmans Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2009 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCois Life

Foilsíodh Favela, an chéad leabhar neamhfhicsin ón iriseoir agus scríbhneoir Alex Hijmans sa bhliain 2009, ag Cois Life. 'Bruachbhaile bocht' an chiall atá leis an teideal i bPortaingéilis. Sa leabhar, cuireann Hijmans síos ar shaol an bhruachbhaile bhoicht Tancredo Neves, ar imeall chathair Salvador i oirthuaisceart na Brasaíle, cathair ina bhfuil cónaí ar Hijmans ó 2007. Bronnadh duais aitheantais sa rannóg 'Prós' ar Favela ag Oireachtas 2009. Bhí an leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana 2010.

Léirmheasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir lucht léirmheastóireachta na meán Gaeilge fáilte mhór roimh Favela. "I measc na ndírbheatháisnéisí is suimiúla dár scríobhadh i nGaeilge riamh," a bhí le rá ag Robert McMillen ar The Irish News. " "Leabhar a choinníonn ag tiontú na leathanach thú," a scríobh Matt Mac Anna ar Nuacht24.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]