Fathachréalta dhearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalta fhionnuar dhearg, 10-100 oiread thrastomhas na Gréine, agus na céadta míle oiread de lonracht na Gréine, ach mais cosúil le mais na Gréine. Tarlaíonn a leithéid go déanach i dtimthriall beatha réalta, i ndiaidh an phríomhsheichimh nuair a bhíonn an hidrigin sa chroíleacán ídithe agus a thosaíonn na cisil sheachtracha ag leathnú amach. Is é seo atá i ndán don Ghrian timpeall 5,000 milliún bliain amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fathachréalta dhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.