Faisnéis mhíleata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Séard is brí le rannán faisnéise (nó faisnéis mhíleata) ná an roinn agus na fo-aonaid i slua ar bith ar domhain a bhíonn ag bailiú faisnéis (eolas, sonraí, teachtaireachtaí, grianghraif, léarscáileanna agus mar sin de) ionas go mbeidh eolas ag na taoisigh sa rialtais agus iad siúd atá i gceannas ar na sochraidí ar cad atá ag tarlú mórthimpeall orthu ionas go mbeidh siad in ann beartú cad ar chóir dóibh a dhéanamh. De ghnáth bíonn obair rúnda i gceist a lán den am.

Roinn Faisnéise i Stair na hÉireann[athraigh | edit source]

Ní raibh córas faisnéise maith ag eagrais Éireannacha riamh go dtí gur fhearadh Cogadh na Saoirse in Éirinn idir 1919 agus 1921. Ba é Mícheál Ó Coileáin an dara Stiúrthóir ar an Roinn Faisnéise a bhí ag Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1919. Chuir sé inneall ceart ar an roinn agus bhí foireann bheag dhíograiseach aige. Ba é Liam Tobin an leas Leas-Stiúrthóir Faisnéise. Bhí Tom Cullen ina Fho-Stiúrthóir Faisnéise. Bhí Frank Thornton ag feidhmiú mar Mhaor Faisnéise.

Bhí gasra beag eile faoi stiúir An Coileánach. Ba iad seo an Sain-Aonad Faisnéise nó mar a thug An Coileánach orthu "An Dáréag Aspail". Bhí 12 óglaigh ina bhaill de agus bhí Paddy Daly i gceannas orthu. An cuspóir a bhí acu na brathadóirí Sasanach a mharú. An beart is mó a rinneadar ná 14 brathadóirí Sasanacha a mharú ar 21ú Samhain 1920, Domhnach na Fola. Go moch ar maidin, chuaigh díormaí beaga isteach i dtithe ar fad Baile Átha Cliath agus lámhach na fir agus iad sa leaba uaireanta. Mar thoradh ar seo, cuireadh deireadh le córas rúnda na Sasanaigh in Éirinn. Níor éirigh leo eolas a fháil ar na taoisigh Éireannaigh as sin amach. Ach ní hiad sin an t-aon dream a mharaíodh an lá sin. Níos déanaí, chuaigh buíonta de shaighdiúirí Sasanacha isteach i bPáirc an Chrócaigh chun díoltas a fháil agus dúnmharaigh siad 14 duine a bhí mar chuid den lucht féachana ag cluiche peile idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann.