Fairsingiú fásaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
fairsingiú fásaigh timpeall an domhain

Creimeadh an chomhshaoil i réigiúin thirime is leath-thirime is ea an gaineamhlúfairsingiú fásaighfású,[1] Nuair a éiríonn talamh a bhí táirgiúil uair amháin mítháirgiúil, tugaimid fairsingiú fásaigh ar an phróiséas seo.

Tarlaíonn fasú trí róshaothrú, ró-innilt, dífhoraoisiú, agus droch-chleachtais uiscithe. Tagann athruithe aeráide is an forthéamh domhanda san áireamh freisin. Cailleann an talamh a torthúlacht, agus ní bhíonn in ann an daonra a chothú.

Éiríonn an fhadhb níos measa in áiteanna mar gheall ar éagobhsaíocht na haeráide, triomaigh go príomha, borradh sa daonra, agus fairsingí móra á gcur in áirithe i gcomhair barra margaidh (is laghdú na fairsinge i gcomhair barra bia don daonra áitiúil).

NASA[2]

Cúiseanna

Deir an tAontas Eorpachː[3] "Eascraíonn gaineamhlú go príomha as gníomhaíocht dhaonna agus éagsúlachtaí aeráide. Ní chiallaíonn sé dul chun cinn limistéar gaineamhlaigh atá ann cheana féin. Tá sé mar thoradh ar fhíor-leochaileacht na n–éiceachóras i limistéir thura i leith róshaothrú agus úsáid mhíchuí talún. Is tosca iad bochtaineacht, éagobhsaíocht pholaitiúil, dífhoraoisiú, ró-innilt agus drochchleachtais uiscithe ar fad a mbíonn drochthionchar acu ar tháirgeacht na talún."

Is iad na príomhchúiseanna atá leis seo:[4]

  • Ningxia, an tSín
    A. Leagan na gcrann le húsáid mar bhrosna agus le díol le bunadh na cathrach mar fhoinse ioncaim.
  • B. Ró-innilt de thairbhe go bhfuil an daonra ag méadú. Sna blianta a bhíonn neart fearthainne ann tagann níos mó agus níos mó tréadaithe, ag déanamh toibreacha nua agus ag méadú a gcuid tréad. Tagann blianta de thriomach agus is iad is cúis le daoine agus le hainmhithe bheith ag fáil bháis den ocras.
  • C. Róchuraíocht de thairbhe go bhfuil méadú ag teacht ar líon na bhfeirmeoirí a chuireann barra. De réir mar a mhéadaíonn líon na bhfeirmeoirí, méadaíonn an brú ar an talamh agus ní bhíonn an ithir chomh méith agus a bhíodh sí. Na pairceanna ar ghnáth leo a fhágáil bán (folamh) ar feadh bliana bíonn rudaí ag fás iontu gach bliain agus ní bhíonn an t-am ag na páirceanna líonadh suas' arís le cothaithigh.
  • D. Ganntanas fásra agus ithir lom cionn is go bhfuil triomach ann.
Crios Mór Glas san Afraicː Copernicus Sentinel-2

Gnéithe socheacnamaíocha

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi na gnéithe socheacnamaíocha sa bhliain 2016ː "Tarlaíonn gaineamhlú ...agus imeachtaí aimsire millteanacha eile mar gheall ar athrú aeráide a tharlaíonn de bharr astaíochtaí ón domhan tionsclaithe, agus bíonn i bhfad níos mó de dhrochthionchar acu ar na réigiúin is boichte, nach bhfuil sé de chumas acu freagairt dóibh, uaireanta mar gheall go mbíonn an oiread fiacha orthu féin agus mar gheall nach bhfaigheann siad na deiseanna a thagann ó chúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, ní hamháin i dtaobh bia agus slándála, ach sa tsláinte féin."[5]

Éire

Sa bhliain 2018, thug an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, eolas inniu ar a chuid tacaíochta don tionscnamh Crios Mór Glas agus don UNCCD[6] (Coinbhinsiún na NA chun an Gaineamhlú a Chomhrac).[7]

gaineamhlú i Los Lobos, na hOileáin Chanáracha

Stair

Sna 1970idí-1980idí tharla fairsingiú an-suntasach fásaigh sa tSaiheil.

Ceiliúrtar an an Lá Domhanda um Ghaineamhlú agus um Thriomach a Chomhrac[8] ar an 17 Meitheamh gach bliain.[9]

Tagairtí

  1. "fású - Aistriúchán Gaeilge ar fású (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  2. "fású - Aistriúchán Gaeilge ar fású (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  3. "Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac sna tíortha ina bhfuil triomach mór". publications.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  4. stmarys-belfast.ac.uk. "Fairsingiú Fásaigh (lch 12)". Dáta rochtana: 2020.
  5. Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Ms. Monique Barbut Executive Secretary United Nations Co" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  6. "United Nations Convention to Combat Desertification". www.unccd.int. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  7. "Fógraíonn an tAire Naughten tacaíocht don Chrios Mór Glas agus molann sé an tionscnamh Crann Laudato". www.dccae.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  8. World Day to Combat Desertification and Drought
  9. ""Ghaineamhlú"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-17.