Faireog Thímis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na faireoga éagsúla inchríneacha de chuid an duine. 1 : Faireog Phinéalach - 2 : Faireog Phiotútach - 3 : Faireog Thíoróideach - 4 : Faireog Thímis - 5 :Faireog Aidréineach - 6 : Paincréas - 7 :Ubhagán - 8 : Uirí
Is orgán speisialaithe í an Fhaireog Thímis sa chóras imdhíonachta. Is í an fheidhm amháin atá aitheanta aici ná T-limficíteanna a tháirgeadh (cealla T), cealla atá ríthábhachtach sa chóras imdhíonachta oiriúnaitheach. Tá an tímeas comhdhéanta de dhá maothán comhionann agus tá sí lonnaithe go hanatamaíoch sa mhediastinum anterior-superior, os comhair an chroí agus taobh thiar den steirneam.