Fótaileaisteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athrú in airíonna tarchurtha solais solaid (mar shampla, plaisteach nó gloine) nuair a chuirtear faoi strus é. Ainm eile ar an bhfeiniméan is ea dé-athraontas ionduchtaithe go meicniúil. Is amhlaidh a athraíonn polarú an tsolais tharchurtha, agus is féidir é a bhrath tríd an solad a chur idir dhá pholaraitheoir thrasnaithe (is é sin, lena dtreonna tarchurtha ag dronuillinn dá chéile) agus strus a chur ar an ábhar. Feictear patrúin shainiúla dhaite ar féidir strus innealtóireachta a anailísiú uathu.