Fótachlóchuradóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meaisín chun cló a chur is íomhá den chló cumtha a dhéanamh ar pháipéar nó scannán, réidh le nochtadh ina phláta le haghaidh priontála. Is féidir go mbeidh na carachtair éagsúla stóráilte sa mheaisín mar íomhánna ar scannán, nó ar bhealach digiteach i gcuimhne an ríomhaire sa mheaisín. Is féidir iad a nochtadh i ndiaidh a chéile, nó líne i ndiaidh líne i scanadh gréasáin. Úsáidtear splanc, feadán ga-chatóideach, nó léasar mar fhoinse solais sa mheaisín.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótachlóchuradóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.