Fótachóipeálaí xéaragrafach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is modh cóipeála bunaithe ar leictreastataic é fótachóipeáil xéaragrafach. Dromchla fótaisheoltach a luchtaítear ar dtús agus a nochtar ansin don íomhá atá le cóipeáil. Cailltear an lucht áitiúil ar an dromchla i gcomhréir le gile na híomhá ag gach pointe. Réalaítear an íomhá thánaisteach seo le hábhair luchtaithe datha. Ar deireadh aistrítear na hábhair datha seo don pháipéar, agus fosaítear iad le teas. Déanann fótachóipeálaí daite ceithre íomhá den bhunphictiúr, ceann dubh is geal, agus ceann i ngach ceann de na dathanna príomhúla (cian/gorm, maigeanta/dearg, buí). Téann gach íomhá dá druma scoite priontála leis an dúch cuí. Ansin déantar ceithre bhabhta priontála i ndiaidh a chéile chun an íomhá dheireanach fhorluite a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótachóipeálaí xéaragrafach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.